Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18/02/2019, 18 Feabhra 2019

Príomhphointí ó chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ar an 18 Feabhra 2019

Na príomhthorthaí

An Úcráin

Cúig bliana tar éis an méid ar tharla in Maidan, bhí plé ginearálta againn faoi na hiarrachtaí atá ar bun chun tacú leis an tír. Maidir leis an bpróiseas athchóirithe, má chuireann tú í i gcomparáid le cúig bliana ó shin, is tír eile í an Úcráin. Tá cuid mhór fós le déanamh, i dtaca le hathchóirithe socheacnamaíocha agus frith-éilliú, ach is léir go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag an Úcráin, agus a bhuí, den chuid is mó, lenár gComhaontú Comhlachais, leis na Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Saorthrádála agus leis an gcomhaontú maidir le léirscaoileadh víosaí a chuireamar i bhfeidhm, bhain saoránaigh na hÚcráine tairbhe as an gcúrsa seo a leanúint. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Bhí plé cuimsitheach ag an gComhairle faoin Úcráin, inár clúdaíodh na próisis athchóirithe chomh maith leis an staid slándála agus daonnúla, go háirithe in oirthear na hÚcráine agus Muir Mheoid. D'athdhearbhaigh an Chomhairle a tacaíocht iomlán do neamhspleáchas, iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine, agus go gcáineann sí go fóill ionghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol ag an Rúis.

D'aithin na hairí gnóthaí eachtracha go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin i réimsí tábhachtacha le cúig bliana anuas. Leag siad béim ar an ngá le leanúint den athchóiriú a chur ar aghaidh chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an mhéid a baineadh amach go dtí seo a chinntiú, go háirithe i gcomhthéacs na dtoghchán parlaiminteach agus uachtaránachta a bheidh ann amach anseo.

Chuir an Chomhairle in iúl freisin a thábhachtaí atá sé a chinntiú go ndéanfar na toghcháin san Úcráin a reáchtáil mar is ceart. Chuir sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh misean breathnóireachta toghchán ESCE in ann a chuid oibre a dhéanamh agus breathnóireacht a dhéanamh ar na toghcháin i gcomhréir iomlán lena ghnáthchleachtas.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin mbealach inar féidir leis an Aontas cuidiú, tar éis ar thit amach i réigiún Mhuir Mheoid agus Chaolas Kerch, go háirithe trí thacaíocht threisithe sna ceantair atá thíos leis, lena n-áirítear in earnálacha amhail naisc iarnróid agus bóthair, oiliúint, agus tacaíocht do FBManna. D'athdhearbhaigh siad an iarraidh ón Aontas go saorfaí láithreach mairnéalaigh uile na hÚcráine atá á gcoinneáil, go dtabharfaí ar ais gach soitheach a gabhadh, agus go dtabharfaí cead seolta trí Chaolas Kerch do gach long.

An tSiria

Phléigh an Chomhairle cúrsaí mar atá sa tSiria. D'athdhearbhaigh na hairí gnóthaí eachtracha tacaíocht iomlán leanúnach an Aontais d'iarrachtaí thoscaire speisialta na Náisiún Aontaithe, Geir Pedersen, agus do phróiseas síochána na Ginéive sa tSiria, atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, rud atá ina ghné ríthábhachtach go fóill de chur chun feidhme Rún 2254 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le haghaidh aistriú inchreidte polaitiúil sa tSiria mar an t-aon réiteach polaitiúil inbhuanaithe ar an gcoinbhleacht. D'athdhearbhaigh na hairí nach mbeidh an tAontas réidh chun cúnamh a thabhairt d'atógáil na Siria go dtí go mbeidh fíor aistriú polaitiúil cuimsitheach uileghabhálach ar siúl mar is ceart.

Phléigh na hairí na hullmhúcháin don chomhdháil dar teideal "An Bhruiséil 3", "Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin", a bheidh ar siúl ar an 12-14 Márta, agus atá go fóill lárnach chun an comhphobal idirnáisiúnta a ghríosú sna hiarrachtaí daonnúla agus teacht aniar chun tacú le muintir na Siria agus pobail óstacha. Chuir an tArdionadaí i dtreis go gcuirfí béim níos mó arís sa chomhdháil ar ról na sochaí sibhialta agus na mban, agus go ndíreofaí go mór mór ar shaincheisteanna na cuntasachta agus an chomhraic i gcoinne na díolúine.

Veiniséala

Phléigh na hairí a bhfuil tite amach i Veiniséala, tar éis an chéad chruinnithe den Ghrúpa Teagmhála Idirnáisiúnta a bhí ar siúl i Montevideo ar an 7 Feabhra agus roimh an misean teicniúil go Caracas a bheidh faoi stiúir an Aontais agus Uragua. Oibreoidh an misean ar mheasúnú na tacaíochta is féidir a thabhairt chun an bealach a réiteach le go mbeidh toradh daonlathach síochánta ar an ngéarchéim, agus go háirithe, le go mbeidh toghcháin uachtaránachta ar siúl go luath.

Chuir na hairí gnóthaí eachtracha i dtreis freisin gur cheart cabhair dhaonnúil a thabhairt do dhaoine atá i ngátar agus nach féidir an chabhair sin a úsáid chun críocha polaitiúla atá éagsúil ón dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Níor cheart cabhair dhaonnúil a úsáid choíche ach ar mhaithe le teacht i dtarrtháil ar phobal atá i ngátar. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Corn na hAfraice

Phléigh an Chomhairle Corn na hAfraice. Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoina cuairt ar an réigiún an tseachtain roimhe sin. Ba dhíol sásaimh do na hairí gnóthaí eachtracha an comhaontú síochána stairiúil idir an Aetóip agus an Eiritré. Phléigh siad an bealach inar féidir leis an Aontas tacú leis an deis seo nach raibh ann riamh cheana dlús a chur le hathmhuintearas agus lánpháirtíocht eacnamaíoch i gCorn na hAfraice. D'athdhearbhaigh siad rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún, ina bhfuil dúshláin mhóra fós le sárú, go háirithe cúrsaí slándála sa tSomáil. Leag siad béim fosta ar an ngá atá le fócas láidir a choinneáil ar chearta an duine a urramú, agus ar chás na n-imirceach a théann ar thurais chontúirteacha, ag aois an-óg in amanna.

Cúrsaí reatha

Ag tús chruinniú na Comhairle, léirigh na hairí gnóthaí eachtracha gur díol sásaimh dóibh teacht i bhfeidhm chomhaontú Prespa lena gceadaítear an t-ainm a athrú go an Mhacadóin Thuaidh. Phléigh siad go hachomair an staid mar atá i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025