- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais, 21/05/2019, 21 Bealtaine 2019
Na príomhthorthaí
Bhí tuiscint shoiléir ar a thoilteanaí atá Coiste Míleata an Aontais rannchuidiú leis na tionscnaimh mhíleata éagsúla, agus go háirithe leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT. General Claudio Graziano, Cathaoirleach Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh
An comhar idir an tAontas agus ECAT
Rinne Cinn Chosanta an Aontais athbhreithniú ar an gcomhar idir an tAontas agus ECAT agus phléigh siad bealaí lena fheabhsú amach anseo. Rinne siad machnamh ar an staid mar atá i gcur chun feidhme na sraithe coitinne de thograí agus phléigh siad soghluaisteacht mhíleata.
Athbhreithniú ar CBSC
Rinne Cinn Chosanta an Aontais athbhreithniú ar mhisin agus oibríochtaí míleata reatha de chuid CBSC, lena n-áirítear misin oiliúna. Cuireadh ar an eolas iad faoi staid na himeartha i ndáil le hoibríochtaí leanúnacha an Aontais, lena n-áirítear ALTHEA, EU NAVFOR Somalia, Oibríocht ATALANTA agus EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA.
Aerspás Eorpach Aonair
Rinne Cinn Chosanta an Aontais athbhreithniú ar an ngné mhíleata a bhaineann leis an Aerspás Eorpach Aonair.
Cumais agus ionstraimí airgeadais
Phléigh Cinn Chosanta an Aontais cumais agus ionstraimí airgeadais, agus tugadh cothrom le dáta iad ó thaobh na bhforbairtí is déanaí a thit amach i gcur chun feidhme an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO).
Iarracht thrialach CARD agus an Ciste Eorpach Cosanta
Tugadh Cinn Chosanta an Aontais cothrom le dáta faoin toradh a bhí ar iarracht thrialach an athbhreithnithe chomhordaithe bhliantúil ar chosaint (CARD) agus staid na himeartha maidir leis an gCiste Eorpach Cosanta, an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na cosanta, agus an tsaoráid síochána Eorpach.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025