- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17/06/2019, 17 Meitheamh 2019
Na príomhthorthaí
Cúrsaí reatha
Phléigh an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha na saincheisteanna is práinní ar an gclár oibre idirnáisiúnta. Rinne siad tagairt do Veiniséala agus a bhfuil ag titim amach ann agus go háirithe don imní atá orthu i dtaobh cúrsaí polaitiúla agus daonnúla ann atá ag teip i gcónaí. D'impigh siad athuair go dtiocfaí ar chomhréiteach polaitiúil caibidlithe faoi chuimsiú chreat bhunreacht na Veiniséala as a d'eascródh, ar deireadh, toghcháin uachtaránachta a bheadh saor, cothrom agus inchreidte agus d'athdhearbhaigh siad an tacaíocht a thabharfaidís d'aon iarrachtaí chun é sin a bhaint amach.
Thagair an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha d'Acht Helms-Burton, chuir siad i dtreis tiomantas an Aontais a ghnólachtaí a chosaint agus leas a bhaint as na bearta iomchuí ar fad chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí Acht Helms-Burton, lena n-áirítear trí chearta an Aontais faoin Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus trí reacht blocála an Aontais a úsáid.
Phléigh siad chomh maith cás Phoblacht na Moldóive, agus foirmiú an rialtais nua ansin. D'athdhearbhaigh siad go raibh an tAontas faoi réir le hoibriú le rialtas a bheadh tiomanta don athchóiriú, ar bhonn an Chomhaontaithe Comhlachais idir an Aontais agus an Mholdóiv.
Thagair an tArdionadaí do chomóradh bliana chomhaontú Prespa, a shínigh an Ghréig agus an Mhacadóin Thuaidh cothrom an lae inniu.
Straitéis Dhomhanda an Aontais
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha agus cosanta Straitéis Dhomhanda an Aontais ar bhonn an tríú tuarascáil bhliantúil ón Ardionadaí: The EU Global Strategy: three years on, looking forward [Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh: trí bliana ar an bhfód, ag féachaint romhainn amach]. Rinne siad a marana ar an dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas agus rinne siad machnamh ar an staid mar a bheidh amach anseo. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le gníomhaíocht an Aontais chun an t-iltaobhachas riailbhunaithe a neartú.
Dhírigh na hairí ar an gcomhar slándála agus cosanta atá ann agus ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn suntasach a rinneadh chun feabhas a chur ar shlándáil an Aontais gona ról mar sholáthraí slándála agus gníomhaí domhanda, lena n-áirítear trína Chomhbheartas Slándála agus Cosanta. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tslándáil agus an chosaint i gcomhthéacs straitéis dhomhanda an Aontais.
- An tSlándáil agus an chosaint: Conclúidí glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, 17/06/2019)
- <em>The EU Global Strategy: three years on, looking forward</em> [Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh: trí bliana ar an bhfód, ag féachaint romhainn amach] tuarascáil, mí an Mheithimh 2019
- Comhar an Aontais maidir leis an tslándáil agus an chosaint (eolas cúlra)
Éifeachtacht an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha éifeachtacht an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBSC). Mar gheall ar an mórshuaitheadh domhanda atá ann ar na saolta seo agus na dúshláin atá roimh an Aontas, tá beartas eachtrach níos éifeachtaíná riamh cheana riachtanach. Mar sin rinne na hairí machnamh ar shlite phraiticiúla le go bhféadfaí éifeachtacht Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES) a fheabhsú. D'fhéach siad, go háirithe, ar conas a d'fhéadfaí comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a mhéadú a thuilleadh agus rinne siad machnamh ar shlite le go bhféadfaí aontacht agus éifeachtacht a neartú.
An tSúdáin
Phléigh an Chomhairle an staid sa tSúdáin agus ghlac sí ráiteas.
Lón neamhfhoirmiúil inar pléadh an Mheánoirthear
Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIordáine Ayman Safadi. Dhírigh siad isteach ar a bhfuil ag titim amach sa réigiún le déanaí, lena n-áirítear an tSiria, an teannas i réigiún na Murascaille, agus a bhfuil i ndán do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir.
Bheadh géarú míleata i réigiún na Murascaille thar a bheith contúirteach, do chách sa réigiún, don Eoraip agus don domhan mór. Impímid go mbeadh mór-shrianadh ann agus go ndéanfaí sáriarracht an teannas a mhaolú rud a chreidimid a bheadh chun leasa gach éinne. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
An tSúdáin: Ráiteas ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha - 17/06/2019
An t-iltaobhachas a neartú: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 17/06/2019
Slándáil agus cosaint: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 17/06/2019
An Mhuir Dhubh: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 17/06/2019
An Áise Láir: Straitéis nua an Aontais glactha ag an gComhairle don réigiún - 17/06/2019
Uisce óil sábháilte agus sláintíocht: Treoirlínte an Aontais formheasta ag an gComhairle - 17/06/2019
Oileáin Mhaildíve: Creat smachtbhannaí cúlghairthe ag an gComhairle - 17/06/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025