Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 14/05/2019, 14 Bealtaine 2019

Na príomhthorthaí

An tSaiheil

Phléigh airí gnóthaí eachtracha agus cosanta an Aontais cúrsaí mar atá i réigiún na Saiheile lena gcomhpháirtithe ó thíortha G5 na Saiheile (Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir). Rinneadh tábhacht straitéiseach na Saiheile don Aontas a dheimhniú san athuair ag an gcruinniú; seasann an tAontas Eorpach le tíortha G5 na Saiheile agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na hildhúshláin.

Plé fíordhearfach doimhin macánta a bhí ann. Leagamar béim ar an tacaíocht ar féidir linn a thabhairt chun údarás na stát a leathnú agus lena áirithiú go gcuirtear na bunsheirbhísí ar fáil toisc go mbíonn slí mhaireachtála na cosmhuintire thíos leis á gceal. D'aontaíomar nach mór dúinn oibriú as lámha a chéile ar athchóiriú na hearnála slándála agus ar ghnéithe áirithe d'iompar na bhfórsaí armtha, iompar a chaithfidh a bheith eiseamláireach. D'aontaíomar nach mbeidh aon saoirse ó phionós ag aon dream. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Le déanaí, tá cúrsaí slándála imithe in olcas sa réigiún, tá níos mó grúpaí sceimhlitheoireachta ar an bhfód agus tá méadú tagtha ar an bhforéigean idirphobail, phléigh na hairí conas is féidir dul i ngleic leis na fadhbanna seo go háirithe. D'athdhearbhaigh siad go bhfuil siad tiomanta borradh a chur lena n-iarrachtaí lucht jiohád agus grúpaí eile sceimhlitheoireachta a chomhrac agus an chobhsaíocht a athbhunú, lena n-áirítear trína thuilleadh oibre a dhéanamh chun fórsa comhpháirteach G5 na Saiheile a oibríochtú. Luaigh siad chomh maith an ról tábhachtach atá ag Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí agus é ag tacú leis na hiarrachtaí slándála i Mailí agus sa réigiún. Leagadh béim ar a riachtanaí a bhí sé láithreacht na stát a threisiú ar fud chríoch na Saiheile agus ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar shárú ar chearta an duine.

Bhuail airí gnóthaí eachtracha agus cosanta an Aontais lena gcomhpháirtithe ó thíortha G5 na Saiheile.

PESCO

Phléigh na hairí cosanta PESCO tar éis chéad bhliain a chur chun feidhme. Rinne siad athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh, lena n-áirítear cur chun feidhme 34 thionscadal a comhaontaíodh laistigh den chreat seo. Thóg siad ceann den phlé ar na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh a thabhairt do thríú stáit páirt a ghlacadh i dtionscadail aonair agus d'athdhearbhaigh siad a dtiomantas chun an obair seo a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir.

Ghlac an Chomhairle moladh lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a chomhlíonadh.

An comhar idir an tAontas agus ECAT

Phléigh na hairí cosanta an comhar idir an tAontas agus ECAT le Leas-Ardrúnaí ECAT, Rose Gottemoeller. Dhírigh siad go háirithe ar shlite chun bagairtí hibrideacha a chomhrac.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Tháinig bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint le chéile tar éis chruinniú na Comhairle:

Ar imeall an chruinnithe, shínigh 22 Bhallstát clár nua GEC um shoghluaisteacht mhíleata:

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025