- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 27/05/2019, 27 Bealtaine 2019
Na príomhthorthaí
Athchóiriú EDT agus an chaibidlíocht atá ar siúl san eagraíocht féin
Tá dúshláin mhóra roimh EDT i dtaca le dlisteanacht agus le cumas na heagraíochta feidhmiú go héifeachtach: ní mór dom a bheith soiléir – dochar seachas sochar atá i ndán dúinn má ghéillimid. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras EDT, lena n-áirítear réiteach eatramhach ar ghéarchéim an Bhuanchomhlachta Achomhairc, ionas go mbeidh ar ár gcumas ábharthacht EDT i saol na linne seo a chinntiú. Stefan Radu Oprea, Aire Timpeallachta Gnó, Trádála agus Fiontraíochta na Rómáine
Phléigh an Chomhairle an staid mar atá faoi láthair maidir le hathchóiriú EDT agus an chaibidlíocht atá ar siúl san eagraíocht féin. Go sonrach, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas i dtaca leis na tionscnaimh is déanaí uaidh chun cur chuige cuimsitheach an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn i dtreo nuachóiriú a dhéanamh ar phríomhfheidhmeanna EDT: ceapadh rialacha, faireachán agus réiteach díospóide.
Maidir le géarchéim an Bhuanchomhlachta Achomhairc, chomhaontaigh an Chomhairle gur cheart don Aontas teagmháil a dhéanamh le baill eile EDT d'fhonn teacht ar réiteach eatramhach a chaomhnóidh cineál ceangailteach EDT agus an dá leibhéal atá ag córas WTO um réiteach díospóidí breithniú a dhéanamh.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle treoracha caibidlíochta d'fhonn seasamh an Aontais Eorpaigh a leagan síos agus gníomhaíocht an Choimisiúin maidir leis an gcaibidlíocht iltaobhach i dtaobh na ríomhthráchtála in EDT a threorú.
Caidreamh trádála idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Is díol sásaimh don Chomhairle an cinneadh a rinne na Stáit Aontaithe taraifí ar charranna allmhairithe a chur ar athlá go ceann 180 lá, ach diúltaíonn sí scunscan don choincheap gur bagairt náisiúnta do na Stáit Aontaithe é onnmhairiú carranna ón Aontas Eorpach. Táimid muiníneach gur féidir teacht ar réiteach a bheidh chun tairbhe an dá thaobh agus i gcomhréir le EDT le comhaontú trádála teoranta ar earraí tionsclaíocha, bunaithe ar ráiteas mhí Iúil 2019. Tá an tAontas Eorpach faoi réir agus toilteanach tabhairt faoi chainteanna cuiditheacha. Stefan Radu Oprea, Aire Timpeallachta Gnó, Trádála agus Fiontraíochta na Rómáine
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoin méid is déanaí a tharla sa chaidreamh trádála idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe i dtaca le hobair Ghrúpa Oibre Fheidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar aon leis an gcaibidlíocht leanúnach maidir le measúnú comhréireachta agus deireadh a chur le taraifí ar earraí tionsclaíocha.
Anuas air sin, thapaigh na hairí a ndeis barúil a thabhairt ar an gcinneadh a rinne na Stáit Aontaithe le gairid, is é sin taraifí ar charranna allmhairithe a chur ar athlá go ceann 180 lá, nó go ndéanfar comhaontú a chaibidil d'fhonn an tsaincheist faoi carranna as an Aontas a allmhairiú chuig na Stáit Aontaithe.
D'fhormheas an Chomhairle, i mí an Aibreáin 2019, sainorduithe don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis na Stáit Aontaithe maidir le deireadh a chur le taraifí ar earraí tionsclaíocha agus maidir le measúnú comhréireachta, i gcomhréir leis an gcomhráiteas a rinne an tUachtarán Juncker agus an tUachtarán Trump, i mí Iúil 2018.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Comhaontú saorthrádála agus comhaontú um chosaint infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus Vítneam
Cuireadh in iúl don Chomhairle go bhfuil glacadh agus síniú do chomhaontú saorthrádála agus do chomhaontú um chosaint infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus Vítneam beartaithe faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2019.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Le linn an lóin, phléigh na hairí an chaibidlíocht leanúnach ar thrádáil, le Mercosur, leis an Astráil, leis an Nua-Shéalainn, leis an tSile agus leis an Indinéis go háirithe.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025