Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 16/05/2019, 16 Bealtaine 2019

Na príomhthorthaí

An óige agus forbairt

Phléigh airí forbartha an Aontais saincheisteanna a bhaineann leis an óige agus forbairt le Jayathma Wickramanayake, Toscaire Óige Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe.

Ó thaobh an Aontais de, is den ríthábhacht go ndéanfaí infheistiú san aos óg. Bíodh sin san Afraic nó sa Mheánmhuir; tá fóraim bunaithe againn chun cead cainte a thabhairt do ghuth na hóige. I gcruinniú an lae inniu, rinneamar plé maith ar a thábhachtaí atá sé go dtarlódh athruithe ó ghlúin go glúin laistigh de na hinstitiúidí polaitiúla agus ar an ngá atá dlite don aos óg a bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Leag an Toscaire amach a fís agus a tosaíochtaí d'fhonn rannpháirtíocht na n-óg a neartú. Chuir sí i dtreis nár mhór freagracht a thabhairt don aos óg agus iad a chumhachtú leis na scileanna is gá – agus nár cheart é seo a cheilt orthu – agus nár mhór rochtain a bheith acu ar na hinstitiúidí ionas go mbeidh ar a gcumas difear a dhéanamh i leith ceapadh beartas. Rinne sí cur síos ar na bacainní sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha atá ann don aos óg go háirithe do chailíní óga. Sé mholadh a leag sí amach maidir le dul chun cinn a dhéanamh: 1) féachaint ar chumhachtú eacnamaíoch na hóige mar chosán don chuimsiú sóisialta agus cearta eile, 2) díriú ar dhúshláin thrasnáisiúnta, 3) a chinntiú go bhfuil tuiscint ag an aos óg ar na luachanna a bhaineann leis an iltaobhachas, 4) an t-aos óg a rannpháirtiú sa pholaitíocht agus an bhearna aoise idir lucht rialtais agus iad siúd atá á rialú acu a laghdú, 5) cistiú don aos óg a ráthú go fadtéarmach, 6) an t-aos óg a áirithiú i leith ceapadh beartas ar an leibhéal cothrománach.

D'admhaigh na hairí gur páirtithe leasmhara sóisialta riachtanach an óige agus eagraíochtaí don aos óg agus nár mhór obair a dhéanamh ionas an ról poiblí atá le himirt acu a chur chun cinn agus aitheantas a thabhairt dóibh mar pháirtithe comhionanna. Bhí siad ar fad ar aon fhocal gur cheart tosaíocht a thabhairt do na glúine atá le teacht i dtaca le pé gníomhaíocht forbartha atá le cur i gcrích.

Anuas air sin, chomhaontaigh siad gur cheart go mbeadh baint níos mó ag an aos óg le dearadh, cur chun feidhme agus athbhreithniú beartas náisiúnta agus áitiúil, agus gur cheart na bacainní sin a chuireann bac orthu a bheith bainteach ar bhonn sóisialta, eacnamaíoch, cultúir agus polaitiúil, a dhíbirt. Ina theannta sin, gheall na hairí gur cheart dlús a chur le hiarrachtaí na bacainní atá ann don aos óg, go háirithe do chailíní óga, a laghdú.

Clár oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe

Phléigh na hairí cé mar is féidir gach a thabhairt do chlár oibre 2030 agus don athrú aeráide in 2019 i bhfianaise an Fhóraim Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe (a bheidh ar siúl ar an 8 go dtí an 19 Iúil 2019), an Chruinnithe Mullaigh Aeráide (atá ann ar an 23 Meán Fómhair) agus an chruinnithe mullaigh faoi spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDG) (a thionólfar ar an 24 agus an 25 Meán Fómhair).

D'aithin siad gur deis uathúil atá sa bhliain 2019 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 d'fhonn na SDGanna a bhaint amach. Chuir siad i bhfios gur tráth cinniúnach é seo don Aontas Eorpach ceannaireacht a léiriú agus an fód a sheasamh i dtaca le tionscnaimh a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe.

Mheabhraigh airí forbartha an Aontais gur gnéithe bunúsacha do rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh, laistigh de bhonneagar domhanda na forbartha, Clár Oibre 2030 agus Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, agus go bhfuil an dá ghné seo ríthábhachtach d'fhonn rathúnas fadtéarmach an Aontais Eorpaigh a bhaint amach.

An tSaiheil

I bhfianaise do na hairí gnóthaí eachtracha na conclúidí ón gComhairle a ghlacadh ar an 13 Bealtaine agus i bhfianaise an chruinnithe a bhí ag airí cosanta agus gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh lena gcomhpháirtithe ó thíortha G5 na Saiheile (Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir) ar an 14 Bealtaine, phléigh airí forbartha an Aontais an tSaiheil.

Luaigh siad an athuair an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an tSaiheil don Aontas Eorpach agus leagadh béim ar an tiomantas leanúnach atá ag an Aontas don réigiún, go háirithe maidir le cabhair dhaonnúil agus cabhair um fhorbairt.

Aithnítear dóibh an tábhacht a bhaineann leis an gcur chuige comhtháite, lena gcuimsítear idirphlé polaitiúil, comhar slándála (lena n-áirítear, trí Oibríochtaí CBSC agus tacaíocht dhíreach a thabhairt d'Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile), agus cabhair um fhorbairt. Phléigh airí forbartha an Aontais cé mar is féidir dul i ngleic leis an meath atá tagtha ar chúrsaí slándála le déanaí ann, agus chomhaontaigh siad nár mhór don fhreagairt a bheith ilghnéitheach, freagairt a thabharfaidh aghaidh ar shaincheisteanna socheacnamaíocha mar aon le saincheisteanna slándála.

D'aithin siad an phráinn a bhaineann le bunseirbhísí a sholáthar do phobail áitiúla, aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus go mbeadh an stát i láthair an athuair.

Ráiteas ó Jayathma Wickramanayake, Toscaire Óige Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025