- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 15/07/2019, 15 Iúil 2019
Na príomhthorthaí
Cúrsaí reatha
Phléigh an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha na saincheisteanna is práinní ar an gclár oibre idirnáisiúnta. Thagair siad don staid i ndáil leis na gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha atá á ndéanamh ag an Tuirc sa Mheánmhuir Thoir.
Anuas air sin, phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an méid a tharla sa tSúdáin le déanaí. Thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, Pekka Haavisto, cuairt ar an réigiún thar ceann an Aontais. Thug na hairí gnóthaí eachtracha dá n-aire gur céim cheannródaíoch chun tosaigh an comhaontú ar thángthas air ar an 11 Iúil, idir an Chomhairle Mhíleata Idirthréimhseach agus na Fórsaí don tSaoirse agus don Athrú, agus chuir siad i dtreis a thábhachtaí atá sé tacú leis an aistriú sibhialtach, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais bhreise.
Ina theannta sin, thrácht na hairí ar Veiniséala, tar éis don Chomhairleoir Speisialta, Enrique Iglesias, cuairt a thabhairt ar Caracas ó 7 go dtí an 10 Iúil. D'athdhearbhaigh siad a thiomanta atá an tAontas chun tacú leis na hiarrachtaí uile, go háirithe próiseas Osló, chun teacht ar réiteach polaitiúil, agus chuir siad in iúl gur ábhar mór imní dóibh staid chearta an duine ansin, i bhfianaise na tuairisce a d'fhoilsigh Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, Michelle Bachelet, ar an 5 Iúil 2019.
An Iaráin
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an Iaráin i bhfianaise a bhfuil tite amach sa réigiún agus na fógraí a tháinig le déanaí ó Tehran, agus na céimeanna a glacadh ansin maidir le cur chun feidhme gnéithe áirithe de mhargadh núicléach na hIaráine – an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) – a laghdú.
Bhí plé maith againn maidir le cé mar is féidir linn leanúint den obair atá ar bun againn an socrú núicléach leis an Iaráin a chaomhnú ina iomláine. Bhí aontoilíocht ann i measc na mBallstát maidir leis an ngá atá leis an ionstraim INSTEX a dhéanamh níos gasta agus níos oibríochtúla – ionstraim atá curtha i bhfearas againn chun an trádáil dhlisteanach a chaomhnú leis an Iaráin, ach ina theannta sin, chun leanúint den obair ionas go gcomhlíonfaidh an Iaráin an athuair an comhaontú núicléach go hiomlán. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh na hairí an teannas i réigiún na Murascaille agus bealaí chun an baol leanúnach go ndéanfaí míríomh, a bhféadfadh an géarú míleata a bheith mar thoradh air, a laghdú.
Ina theannta sin, phléigh siad an staid mar atá faoi láthair maidir le cur chun feidhme JCPOA. D'athdhearbhaigh siad gur cúis aiféala don Aontas Eorpach gur chinn na Stáit Aontaithe smachtbhannaí a fhorchur an athuair ar an Iaráin tar éis dóibh tarraingt siar as JCPOA. Rinne siad a marana ar iarrachtaí leanúnacha an Aontais, ionas go bhféadfaí, caidreamh trádála dlisteanach leis an Iaráin a chaomhnú, lena n-áirítear tríd an t-eintiteas sainchuspóireach INSTEX atá ag feidhmiú anois. D'áitigh siad freisin ar an Iaráin na céimeanna sin a glacadh a fhreaschur agus d'athdhearbhaigh siad go mbraitheann tiomantas an Aontais don chomhaontú núicléach ar chomhlíontacht iomlán na hIaráine agus nach mór aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhlíontachta faoi chuimsiú JCPOA.
An Iaráic
Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoin gcuairt a thug sí ar Bhagdad ar an 13-14 Iúil. Rinne na hairí gnóthaí eachtracha a marana ansin ar an méid atá tite amach san tír. Anuas air sin, phléigh siad cé mar is féidir leis an Aontas Eorpach tacaíocht bhreise a thabhairt don tír. Ghlac an Chomhairle na conclúidí.
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Iaráic (preaseisiúint, 15/07/2019)
- Toscaireacht an Aontais chun na hIaráice (SEGS)
Poblacht na Moldóive
Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha le hAire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Moldóive, Nicolae Popescu.
Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach aistriú síochánta na cumhachta i bPoblacht na Moldóive sna conclúidí uaithi an 20 Meitheamh 2019. D'iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an Ardionadaí oibriú ar thacar de bhearta nithiúla chun tacú le Poblacht na Moldóive, bunaithe ar athchóirithe a bheith á gcur chun feidhme go hinbhuanaithe ag an tír faoin gComhaontú Comhlachais / Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála.
Chuir na hairí gnóthaí eachtracha a dtacaíocht in iúl, mar aon leis na hionchais atá acu, go háirithe maidir leis na hathchóirithe a bheith á gcur chun feidhme faoin gComhaontú Comhlachais, agus go raibh siad toilteanach go dtabharfadh an tAontas Eorpach tacaíocht airgeadais go coinníollach do Phoblacht na Moldóive an athuair.
- Caidreamh an Aontais Eorpaigh le Poblacht na Moldóive (Eolas cúlra, suíomh gréasáin na Comhairle)
- Bileog eolais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (SEGS)
Poblacht na hAfraice Láir
Phléigh an Chomhairle Poblacht na hAfraice Láir. Rinne na hairí a marana ar cé mar is féidir leis an Aontas Eorpach a thacaíocht don tír a neartú a thuilleadh chun go spreagfaí chun feidhme a thuilleadh an comhaontú síochána a síníodh in Bangui ar an 6 Feabhra 2019.
Tháinig siad ar chomhaontú tús a chur le hobair ar phleananna do mhisean sibhialtach CBSC a d’fhéadfadh a bheith ann chun tacú le fórsaí slándála sibhialtacha na hAfraice Láir. Bheadh an misean ina chomhlánú ar mhisean oiliúna míleata an Aontais Eorpaigh (EUTM RCA) a chuireann oiliúint agus comhairle ar fáil d'fhórsaí armtha na hAfraice Láir (FACA) agus áirítear ann freisin colún idir-inoibritheachta sibhialta míleata.
Gnéithe seachtracha den imirce
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha na gnéithe seachtracha a bhaineann leis an imirce. Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir leis an ngá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ar bhealach níos éifeachtaí. Thug siad dá n-aire, go háirithe, gur gá na hacmhainní airgeadais a mhéadú, go háirithe do Chiste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic.
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha a thábhachtaí atá sé athlonnaithe a ghéarú i gcás na ndaoine sin a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Leag siad béim freisin ar a riachtanaí atá sé dul chun cinn a dhéanamh ar an tsaincheist a bhaineann le díbhordáil imirceach a tarrtháladh ar muir – cúram é sin a leagtar ar na hairí ceartais agus gnóthaí baile.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an 74ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiúin Aontaithe glactha
- 15/07/2019
- An Chóiré Thuaidh: A smachtbhannaí uathrialacha ar dhaoine aonair agus eintitis athnuaite ag an Aontas
- 15/07/2019
- Gníomhaíochtaí druileála na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 15/07/2019
- An Iaráic: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 15/07/2019
- Treoracha caibidlíochta glactha ag an gComhairle maidir le nuachóiriú ar an gConradh um Chairt Fuinnimh
- 15/07/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025