Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17 Feabhra 2020

Príomhthorthaí

Cúrsaí reatha

Cuireadh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ar an eolas maidir leis na cuairteanna a thug an tArdionadaí le déanaí ar na Balcáin Thiar, ar réigiún an Mheánoirthir – go háirithe ar an Iordáin agus ar an Iaráin – agus ar na Stáit Aontaithe.

Sa chomhthéacs sin, bhí deis ag na hairí plé a dhéanamh ar Phróiseas an Mheánoirthir, lena n-áirítear na tograí a tháinig ó na Stáit Aontaithe le déanaí, ról an Aontais agus ar an mbealach is fearr chun próiseas polaitiúil a athsheoladh a bheadh inghlactha ag an dá pháirtí, ag tógáil ar pharaiméadair a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, ar chearta comhionanna agus ar an dlí idirnáisiúnta.

Luaigh an Chomhairle ansin an ghéarchéim atá ag titim amach in Iarthuaisceart na Siria, áit a bhfuil géarchéim dhaonnúil in Idlib mar thoradh ar an ionsaí míleata a rinne réimeas na Siria agus a chomhghuaillithe, atá ina riosca don chobhsaíocht sa réigiún máguaird.

Ar deireadh, rinne na hairí tagairt do Veiniséala agus don tSaiheil.

An Libia

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Seolfaimid oibríocht nua sa Mheánmhuir agus chomhaontaíomar go mbeidh mar sprioc leis an oibríocht sin an trádbhac arm a d'fhorchuir Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Sócmhainní aeir, satailíte agus muirí a bheidh san oibríocht.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi thoradh an chruinnithe leantaigh le déanaí maidir le próiseas Bheirlín ar imeall Chomhdháil Slándála München, agus bhí malartú tuairimí maidir leis an Libia.

Sa chomhthéacs sin, tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil maidir le seoladh oibríochta nua sa Mheánmhuir, a mbeidh mar sprioc aici an trádbhac arm a d'fhorchuir Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. I measc na gcúraimí tánaisteacha, d'fhéadfadh an choireacht eagraithe atá freagrach as an imirce a chomhrac agus oiliúint a chur ar gharda cósta agus ar chabhlach na Libia a bheith san áireamh.

Sócmhainní aeir, satailíte agus muirí a bheidh san oibríocht nua agus saineofar a limistéar oibríochtaí i gcomhréir leis an sainordú a comhaontaíodh.

Chomhaontaigh na hairí go ndéanfaí faireachán cúramach ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann ar shreabha imirce agus go bhféadfadh sé, i gcásanna áirithe, a bheith ina chúis le sócmhainní muirí a tharraingt siar ón limistéar ábhartha.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach

Phléigh an Chomhairle an caidreamh idir an tAontas agus an tAontas Afracach, d'fhonn treoshuímh pholaitiúla a thabhairt maidir le tosaíochtaí straitéiseacha a bheidh ann amach anseo leis an Afraic, agus chun for-rochtain ar chomhpháirtithe Afracacha a chomhordú roimh chruinnithe tábhachtacha a bheidh ann amach anseo.

Airítear orthu sin cruinniú na nAirí Gnóthaí Eachtracha de chuid an Aontais Afracaigh agus an Aontais Eorpaigh agus an 6ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tAontas Afracach a thionólfar sa Bhruiséil i mí Dheireadh Fómhair 2020.

Tá an Coimisiún Eorpach le teachtaireacht chomhpháirteach “I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic” a chur i láthair ar an 4 Márta 2020.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an India

Le linn lón neamhfhoirmiúil, bhí plé ag na hairí gnóthaí eachtracha agus ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hIndia, Subrahmanyam Jaishankar roimh an 15ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an India a mheasfar a thionólfar ar an 13 Márta sa Bhruiséil.

Díríodh go príomha sa phlé ar an iltaobhachas agus an t-ord domhanda bunaithe ar rialacha a chaomhnú, ar an athrú aeráide agus ar chosaint an chomhshaoil, saincheisteanna i ndáil leis an mbeartas eachtrach agus an tslándáil réigiúnach, chomh maith le trádáil agus infheistíocht, nuachóiriú agus nascacht inbhuaine.

Misean nua an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe sa Libia

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025