"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 22 Aibreán 2020
Main results
Phléamar conas tacú ar bhealach níos fearr leis an Úcráin agus le tíortha eile i gComhpháirtíocht an Oirthir le linn thréimhse phaindéim Covid-19. Tá ár dteachtaireacht chucu soiléir: leanfaimid orainn ag cabhrú leo le linn na tréimhse dúshlánaí seo.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí físchomhdháil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell.
Agus iad ag filleadh de réir a chéile ar na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, bhí malartú tuairimí gearr ag na hairí maidir le cúrsaí reatha ar dtús. Sa chomhthéacs sin, phléigh na hairí saincheisteanna práinneacha éagsúla ar an leibhéal idirnáisiúnta, an staid sa Libia, sa Tuirc agus san Afganastáin ina measc. Maidir leis an bhfreagairt ar phaindéim Covid-19, chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun saoránaigh na hEorpa atá sáinnithe thar lear a thabhairt abhaile, chun cur i gcoinne na bréagaisnéise, agus chun an pacáiste "Foireann na hEorpa", mar a thugtar air, a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, phléigh na hairí go háirithe an fhéidearthacht aerdhroichead daonnúil de chuid an Aontais a bhunú chun trealamh atá bainteach leis an gcoróinvíreas a sheachadadh, agus gluaiseacht na foirne daonnúla a éascú.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha ansin maidir le conas tacú ar bhealach níos fearr leis an Úcráin agus le tíortha eile i gComhpháirtíocht an Oirthir le linn thréimhse phaindéim Covid-19.
Sa chomhthéacs sin, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad leis an bpróiseas athchóirithe leanúnach sa Úcráin, agus le ceannasacht agus sláine críche na hÚcráine, agus maidir leis an neamhaitheantas d'ionghabháil mhídhleathach na Crimé.
Maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, mheas na hairí gur deis í an ghéarchéim reatha chun a léiriú gurb é an tAontas an comhpháirtí is iontaofa ag na tíortha sin. Phléigh siad go háirithe an chaoi ar féidir leis an Aontas tacú leis na tíortha sin ionas nach gcuirfear isteach ar a ngeilleagair, ar a bpoist ná ar a n-institiúidí, agus go mbeidh an tiomantas i leith athchóirithe ina thosaíocht ar an gclár oibre i gcónaí.
Measúnú déanta ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais ar chur chuige agus ar bheartais an Aontais i leith Chomharsanacht an Oirthir i bhfianaise phaindéim COVID-19
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.