Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha (Trádáil), 16 Aibreán 2020

Bhí malartú tuairimí ag airí an Aontais atá freagrach as saincheisteanna trádála maidir le tionchar COVID-19 ar chaidreamh trádála agus ar shlabhraí luacha agus soláthair domhanda. Bhí deis ag na hairí freisin freagraí polaitiúla tosaigh a thabhairt ar an togra ón gCoimisiún maidir le beart nua údaraithe onnmhairiúcháin i gcás trealamh cosanta pearsanta (TCP) áirithe, chomh maith le plé a dhéanamh ar na treoirlínte a d’fhoilsigh an Coimisiún le déanaí maidir le scagadh ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche (IDC).

Beidh tionchar ollmhór fadtéarmach ag paindéim COVID-19 ar gheilleagar na hEorpa, agus ar an tslí a ndéanaimid trádáil leis an gcuid eile den domhan. Is é an gad is giorra don scornach againn na sreafaí trádála a choinneáil ar oscailt. Ní mór dúinn freisin téarnamh tapa ár ngeilleagair a chinntiú, go háirithe trí athléimneacht agus inbhuanaitheacht ár slabhraí soláthair a dhaingniú. Gordan Grlić Radman, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Cróite
Plé déanta ag Airí Trádála an Aontais Eorpaigh ar thionchar COVID-19.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025