- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 15 Bealtaine 2020
Na príomhthorthaí
Bhí físchomhdháil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell.
Bhí plé an-mhaith agus an-tábhachtach againn faoi Phróiseas Síochána an Mheánoirthir. Is tosaíocht i gcónaí í an choinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín a réiteach ar mhaithe le leas straitéiseach an Aontais Eorpaigh. Táimid réidh chun cúnamh a thabhairt. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí plé cuimsitheach ag na hairí ar dtús faoi Phróiseas Síochána an Mheánoirthir i gcomhthéacs rialtas nua a bheith á fhoirmiú in Iosrael. Chuir na hairí in iúl go bhfuil siad toilteanach oibriú go cuimsitheach cuiditheach leis an rialtas nua a luaithe a bheidh an rialtas nua sin i gcumhacht, ach d’athdhearbhaigh siad freisin go dtacaíonn siad le réiteach dhá stát a bhainfí amach trí chaibidlíocht.
Bhí plé ag na hairí gnóthaí eachtracha ansin faoi Chomharsanacht an Deiscirt agus faoin staid sa Mheánoirthear i gcoitinne, i bhfianaise phaindéim Covid-19. Ós amhlaidh atá, chuir na hairí in iúl gur cúis imní dóibh drochiarmhairtí socheacnamaíocha na paindéime, agus chomhaontaigh siad gur deis í an ghéarchéim atá ann faoi láthair chun machnamh a dhéanamh ar chaidreamh an Aontais leis an réigiún sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Ansin d'fhormheas na hairí ráiteas faoina bhfuil ag tarlú sa Mheánmhuir Thoir.
Ar deireadh, cuireadh na hairí ar an eolas faoi na hullmhúcháin do na nithe seo a leanas:
- an ceathrú Comhdháil sa Bhruiséil faoi Thodhchaí na Siria agus an Réigiúin a bheidh ar siúl ar an 30 Meitheamh i bhformáid fhíorúil, agus
- físchomhdháil deontóirí airgid le haghaidh ghéarchéim díláithrithe Veiniséala ar an 26 Bealtaine, a mbeidh an tAontas Eorpach agus an Spáinn ina gcomhchathaoirligh uirthi.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025