"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 29 Bealtaine 2020
Na príomhthorthaí
Thionóil airí gnóthaí eachtracha an Aontais físchomhdháil inniu faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell.
Tá an tSín ar cheann de na príomhghníomhaithe domhanda agus ní mór don Aontas leanúint den rannpháirtíocht leis an tSín bunaithe ar a leasanna agus a chuspóirí. Má éiríonn leis, beidh an rannpháirtíocht sin mar chuidiú le domhan níos cobhsaí agus níos rathúla a mhúnlú; domhan ina mbeidh cearta agus saoirsí bunúsacha á n-urramú chomh maith.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí plé gearr ag na hairí ar dtús maidir leis an Afganastáin. D’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht do phróiseas síochána a bheadh faoi stiúir agus faoi úinéireacht na hAfganastáine. D’athdhearbhaigh siad an gá atá le sos comhraic iomlán buan ar fud na tíre. Dearbhaíodh sa phlé gur ghlac an Chomhairle na conclúidí maidir le próiseas na síochána san Afganastáin agus tacaíocht ón Aontas amach anseo don tsíocháin agus don fhorbairt sa tír.
Dhírigh na hairí gnóthaí eachtracha ansin ar phríomhábhar an chláir oibre, an caidreamh idir an tAontas agus an tSín. Cuireadh i dtreis sa phlé nádúr casta ilghnéitheach an chaidrimh, lena gcuimsítear gnéithe polaitiúla agus eacnamaíocha.
Phléigh na hairí a bhfuil ag titim amach ó bhí an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín ann i Márta 2019. Bhí malartú tuairimí acu maidir leis an gcaoi ar cheart caidreamhaontaithecothrom a fhorbairt leis an tSín maidir le gach gné den chaidreamh leathan sin, ó chúrsaí trádála agus infheistíochta, réimsí inar gá gurbh fhearr an chothroime iomaíochta, go dúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i ngach réigiún den domhan chomh maith le príomhcheisteanna chearta an duine.
Ina theannta sin, thrácht na hairí ar na forbairtí is déanaí i Hong Cong, ar thángthas ar chomhaontú i ndáil le Dearbhú ón Aontas freisin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.