- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Físchomhdháil na n-airí cosanta, 12 Bealtaine 2020
Na príomhthorthaí
Bhí físchomhdháil ag airí cosanta an Aontais, faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell.
Is dócha, de thoradh phaindéim Covid-19, go dtiocfaidh meath ar ár dtimpeallacht slándála sna blianta atá le teacht. Fágann sin gur mó an gá atá le slándáil agus cosaint níos láidre san Aontas. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh na hairí impleachtaíphaindéim Covid-19 maidir leslándáil agus cosaint. Dhírigh siad go háirithe ar an ról tábhachtach atá ag fórsaí armthai ndáil letacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe sibhialtacha agus tacaíocht trasteorann i measc na mBallstát a chur ar fáil. Sa chomhthéacs sin, rinne an tascfhórsa, a bunaíodh le linn na físchomhdhála deireanaí de na hairí cosanta ar an 6 Aibreán, dlúthobair leis na Ballstáit chun malartú eolais agus dea-chleachtais a chinntiú.
Bhí na hairí ar aon intinn gur cheart don Aontas leanúint dá dhícheall a dhéanamh chun láithreacht oibríochtúil a choinneáil ar a mhisin agus a oibríochtaí a bhaineann leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta, agus sábháilteacht an phearsanra atá imscartha iontu á caomhnú ag an am céanna.
Thairis sin, chuir siad i dtreis gur gá ullmhacht agus athléimneacht don am atá le teacht a neartú trí chleachtaí a dhéanamh, obair ar chibearshlándáil a neartú agus bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-áirítear iarrachtaí a fheabhsú chun bréagaisnéis a chomhrac.
Thug Ard-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg agus Fo-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe um Oibríochtaí Síochána, Jean-Pierre Lacroix an t-eolas is déanaí faoin obair atá fós ar bun ina gcuid eagraíochtaí. Bhí plé acu leis na hairí ar chomhar cosanta chun dul i ngleic le géarchéim Covid-19.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025