Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha (forbairt), 8 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Léiríonn an tAontas Eorpach an ról ceannasach atá aige chun réitigh dhomhanda a fháil ar ghéarchéim an choróinvíris. Seasaimid lenár gcomhpháirtithe. Anois an t-am chun pacáiste Foireann na hEorpa a chur i gcrích go pras.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Bhí cruinniú neamhfhoirmiúil ag airí forbartha an Aontais trí fhíschomhdháil chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme phacáiste Foireann na hEorpa, a seoladh ar an 8 Aibreán 2020 chun tacú le tíortha comhpháirtíochta sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 agus na n-iarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann léi.

D'fháiltigh na hairí roimh an bhfógra go bhfuil beagnach 36 bhilliún euro slógtha trí phacáiste Foireann na hEorpa, agus san áireamh air sin tá ranníocaíochtaí ón gCoimisiún Eorpach, ó Bhallstáit an Aontais, ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Úsáidfear na hacmhainní sin chun tacaíocht a chur ar fáil do thíortha comhpháirtíochta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim, ag díriú go sonrach ar na nithe seo a leanas: córais sláinte a neartú, an téarnamh socheacnamaíoch a éascú, sreabhadh earraí a chinntiú, agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ar chóireálacha agus vacsaíní.

Daingníodh leis an bplé freisin na conclúidí ón gComhairle a glacadh maidir le Freagairt Dhomhanda Fhoireann na hEorpa ar COVID-19.

Roimh an bplé, chuir Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, an Dr.Tedros Adhanom Ghebreyesus, na hairí ar an eolas faoin ról a bhí ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte le linn phaindéim COVID-19 chun comhordú agus cúnamh domhanda a chinntiú do na tíortha is leochailí.

Sa mhéid a bhaineann le cúrsaí reatha, cuireadh na hairí ar an eolas maidir le staid na caibidlíochta maidir le comhpháirtíocht AE-ACC nua i ndiaidh 2020.

Cuireadh ar an eolas iad freisin faoin ollstruchtúr airgeadais a bheidh ann amach anseo don fhorbairt inbhuanaithe agus don chomharsanacht, a mhol an Coimisiún Eorpach i gcomhthéacs an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile.

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025