"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha, 19 Aibreán 2021
Na príomhthorthaí
An Úcráin
Tá an-imní faoin méadú míleata Rúiseach ag teorainn na hÚcráine agus sa Chrimé. Is léir go bhfuil an baol ann go bhfeicfear géarú breise. Molaimid an Úcráin as a freagairt shrianta agus thathantaíomar ar an Rúis an lasair a bhaint den bharrach agus an teannas a mhaolú.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí malartú tuairimí ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais maidir leis an Úcráin agus bhí Dmytro Kuleba, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, in éineacht leo trí fhíschomhdháil.
D’athdhearbhaigh na hairí a dtacaíocht láidir do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, agus gan aitheantas a thabhairt don ionghabháil neamhdhleathach a rinneadh ar Leithinis na Crimé agus do chur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin na hiarrachtaí breise taidhleoireachta atá dírithe ar iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú.
Maidir le hathchóirithe intíre, ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an Úcráin agus an uaillmhian atá aici a cuid beartas a chomhfhogasú leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Chuir siad i bhfios go láidir freisin an gá atá le feabhas a chur ar an smacht reachta agus ar na breithiúna.
An Aetóip
Phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais an staid i réigiún Tigray, áit a bhfuil an troid ar siúl, a bhfuil cosc fós ar rochtain dhaonnúil iomlán agus a bhfuil cearta an duine fós á sárú. Chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne Haavisto, a thaistil go dtí an réigiún an dara huair, mar ionadaí don Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar an eolas iad chun an cás a mheas.
Cuireadh i dtreis sa phlé an gá práinneach atá le sos comhraic a ndéanfar faireachán air chun dálaí slándála in Tigray a fheabhsú, agus chun líomhaintí maidir le sáruithe ar chearta an duine, coireanna cogaidh agus foréigean inscnebhunaithe a imscrúdú. Mhol an tArdionadaí imscrúduithe comhpháirteacha a dhéanamh idir Coimisiún na hAetóipe um Chearta an Duine agus Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine.
Chuir na hairí i bhfios go láidir freisin nach mór do rialtas na hAetóipe a thiomantas a léiriú maidir le hidirphlé náisiúnta a eagrú roimh na toghcháin.
Cúrsaí reatha
Cuireadh airí gnóthaí eachtracha an Aontais ar an eolas faoi staid Alexei Navalny atá ag dul in olcas sa Rúis, agus d’athdhearbhaigh siad an teachtaireacht atá leagtha amach sa dearbhú ón Aontas an 18 Aibreán, eadhon nach mór d’údaráis na Rúise rochtain láithreach a thabhairt dó ar ghairmithe leighis a bhfuil muinín aige astu.
Chuir aire Phoblacht na Seice a chomhghleacaithe ar an eolas ansin faoi dhíbirt taidhleoirí de chuid na Rúise a raibh baint acu le pléascadh iosta armlóin in 2014.
Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas freisin maidir leis na cainteanna atá ar siúl i Vín, atá dírithe ar JCPOA, socrú núicléach na hIaráine a athbheochan agus filleadh na Stát Aontaithe ar an gcomhaontú a éascú.
Ar deireadh, cuireadh in iúl do na hairí go raibh togra nua maidir leis an tSeoirsia curtha síos faoi údarás Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, chun iarracht a dhéanamh teacht ar bhealach amach as an ngéarchéim pholaitiúil atá ann faoi láthair.
Saincheisteanna eile
Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí nua maidir le Maenmar tríd an nós imeachta i scríbhinn.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.