Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha (Forbairt), 29 Aibreán 2021

Na príomhthorthaí

Tháinig airí forbartha an Aontais le chéile chun díospóireacht bheartais a reáchtáil maidir le todhchaí an Ollstruchtúir Airgeadais Eorpaigh don Fhorbairt, le rannpháirtíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Phléigh na hairí go háirithe na conclúidí agus na torthaí ón staidéar féidearthachta maidir le roghanna chun an tOllstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a neartú, agus chuir siad treoir pholaitiúil ar fáil maidir leis an mbealach chun cinn.

I gcomhréir leis an toradh a bhí ar an staidéar féidearthachta, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad go mór le cur chuige Fhoireann na hEorpa atreisithe, a mbeidh sé de bhuntáiste aige ilroinnt a sheachaint, sineirgí a mhéadú, agus tionchar comhchoiteann thacaíocht an Aontais don fhorbairt a neartú.

Chuir na hairí i dtreis freisin gur cheart gníomhaíocht an Aontais a threorú le treorú láidir polaitiúil, agus go bhfuil comhordú rianúil agus rialachas láidir bunriachtanach chun go n-éireoidh leis an gcur chuige sin.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Le linn na físchomhdhála neamhfhoirmiúla leis na hairí forbartha, thugamar céim thábhachtach chun tosaigh i dtreo ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a neartú, agus bhreathnaíomar ar na torthaí agus na roghanna a tháinig as an Staidéar Féidearthachta. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí, agus chun ceannaireacht an Aontais a bhunú chun ‘atógáil ar bhealach níos fearr’, ní mór dúinn poitéinseal iomlán an ollstruchtúir airgeadais Eorpaigh don fhorbairt a ghiaráil, trí thógáil ar láidreachtaí agus comhlántachtaí a ghníomhaithe go léir. Táimid tiomanta do bhearta nithiúla a fhorbairt chun feabhas suntasach a chur ar an ollstruchtúr atá ann faoi láthair, go háirithe tríd an gcomhordú a neartú agus trí infheistíochtaí comhpháirteacha agus comhlántacha a fhorbairt i measc institiúidí airgeadais forbartha na hEorpa, agus nithe eile ina measc. Ar ndóigh, beidh ról suntasach ag Foireann na hEorpa sa chur chuige sin, go háirithe trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha nuálacha a fhorbairt agus trí infheictheacht mhaoiniú seachtrach an Aontais a chinntiú.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Sa staidéar féidearthachta maidir le roghanna chun an tOllstruchtúr Eorpach Airgeadais don Fhorbairt a bheidh ann sa todhchaí a neartú, tugtar anailís chuimsitheach ar thrí rogha maidir le todhchaí an Ollstruchtúir agus é mar aidhm leis cur chuige Eorpach láidir comhleanúnach a chinntiú ar an mbealach is fearr is féidir cuspóirí beartais sheachtraigh agus leasanna geopholaitiúla an Aontais a bhaint amach.

Ar an iomlán, is é tátal an staidéir gur ag tógáil ar acmhainní agus comhlántachtaí atá ann cheana féin an cás is oiriúnaí chun cur chuige láidir comhleanúnach a chinntiú chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin forbartha reatha (rogha an ‘Status Quo+’, mar a thugtar air).

Cuirfear an plé sin san áireamh agus na conclúidí ón gComhairle maidir le neartú an Ollstruchtúir á n-ullmhú, a bhfuil sé beartaithe ag Uachtaránacht na Portaingéile a mholadh lena bhformheas i mí na Bealtaine 2021.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025