"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 21 Meitheamh 2021
Na príomhthorthaí
An Bhealarúis
Tar éis cruinniú neamhfhoirmiúil céadphroinne le Sviatlana Tsikhanouskaya, ceannaire na bhfórsaí ar son an daonlathais sa Bhealarúis, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an mBealarúis, agus ghlac sí smachtbhannaí i gcoinne na ndaoine sin atá freagrach as an ngéarú atá tagtha ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis mar aon leis an gcos ar bolg foréigeanach a rinneadh ar an tsochaí shibhialta, ar an bhfreasúra daonlathach, ar iriseoirí, agus orthu siúd a bhí taobh thiar de thuirlingt éigeantach neamhdhleathach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021.
Tá an pacáiste is mó smachtbhannaí maidir leis an mBealarúis glactha againn, ina liostaítear 86 duine agus eintiteas. Rinneadh na bearta sin a chomhordú freisin le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe. […] Tá an tAontas Eorpach réidh chun tacú le Bealarúis dhaonlathach amach anseo le plean cuimsitheach tacaíochta eacnamaíche ar fiú suas le €3 billiún é, agus leanfaidh sé de bhrú a chur ar réimeas Lukashenko trí na smachtbhannaí ar dhaoine aonair agus ar eintitis atáthar tar éis glacadh agus na smachtbhannaí eacnamaíocha atá le cinneadh go luath.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
D’fhormhuinigh na hairí freisin roghanna maidir le smachtbhannaí eacnamaíocha spriocdhírithe, chun iad a ghlacadh go pras, nuair a gheofar treoir ón gComhairle Eorpach níos déanaí an tseachtain seo.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle a teachtaireacht chuig réimeas na Bealarúise gur cheart dó na príosúnaigh pholaitiúla uile agus iad siúd atá á gcoinneáil ós rud gur iarr siad go síochánta go ndéanfaí a saoirsí bunúsacha a urramú, a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll, gur cheart dó deireadh a chur leis an gcos ar bolg, iad siúd atá freagrach a thabhairt chun cuntais, agus fíor-idirphlé cuimsitheach náisiúnta a thionscnamh leis an tsochaí i gcoitinne.
An Iaráic
Rinne na hairí a marana faoi na forbairtí is déanaí san Iaráic, go háirithe na toghcháin atá ar na bacáin san Iaráic, saincheisteanna a bhaineann leis an tslándáil, an chobhsaíocht réigiúnach agus an rannpháirtíocht dhéthaobhach.
Tá athchóirithe cuimsitheacha á ndéanamh ag an Iaráic, ach tá cúrsaí eacnamaíocha agus slándála fós go dona. Chun tacaíocht a thabhairt don tír agus na hathchóirithe á ndéanamh, chinn an Chomhairle an Chomhairle Comhair maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas agus an Iaráic a thionóil ar leibhéal na n-airí roimh dheireadh 2021.
D’fhógair an tArdionadaí a chinneadh misean breathnóireachta toghchán de chuid an Aontais a imscaradh do na toghcháin a bheidh ar siúl san Iaráic an 10 Deireadh Fómhair 2021, tar éis cuireadh a fháil ó rialtas na hIaráice.
Bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú go díreach le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráice, Fuad Hussein, le linn lón neamhfhoirmiúil oibre inar chuir sé airí an Aontais ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí sa tír.
Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, agus béim ar leith á leagan ar fhorbairtí polaitiúla agus eacnamaíocha, agus ar na hiarmhairtí socheacnamaíocha suntasacha a bhaineann le leathadh COVID-19 sa réigiún.
Tá Meiriceá Laidineach fós ar cheann de réigiúin an domhain atá an-chosúil leis an Aontas ó thaobh luachanna agus ord iltaobhach riailbhunaithe de. Is é an tAontas an t-infheisteoir is mó sa réigiún agus tá sé ar cheann de na príomh-chomhpháirtithe trádála freisin.
Chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil sí toilteanach oibriú le chéile chun tacaíocht láidir a áirithiú don réigiún chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, lena n-áirítear trí rochtain níos fearr ar vacsaíní agus ar dheonú vacsaíní. Chuir siad i bhfios go láidir freisin an gá atá le dlús a chur le hathléimneacht airgeadais an réigiúin a threisiú trí fheabhas a chur ar an gcaidreamh trádála leis na tíortha agus na comhpháirtithe is tábhachtaí, e.g. Meicsiceo, an tSile agus Mercosur.
Ar deireadh, phléigh an Chomhairle teophointí réigiúnacha, ina bhfuil gá le tacaíocht don idirphlé polaitiúil. Seolfar misean taiscéalaíoch toghchán chuig Veiniséala chun a mheas an bhféadfar misean breathnóireachta a cheadú sa tír i mí na Samhna.
Cúrsaí reatha
Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoin gcuairt a thug sé ar an Liobáin le déanaí, inar chuir sé teachtaireacht dlúthpháirtíochta an Aontais in iúl do mhuintir na Liobáine, agus inar iarr an tAontas ar cheannairí polaitiúla na Liobáine freagracht a ghlacadh as rialtas nua a chruthú a bheidh dírithe ar athchóiriú.
Bhí plé gairid ag na hairí maidir leis an Tuirc roimh an gComhairle Eorpach, agus i bhfianaise an chruinnithe a bhí ag an Ardionadaí le déanaí le hAire Gnóthaí Eachtracha na Tuirce, Mevlüt Çavuşoğlu.
Cuireadh airí gnóthaí eachtracha an Aontais ar an eolas faoi thoradh an chruinnithe ardleibhéil i ndáil leis an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine a bhí ar siúl an 15 Meitheamh 2021. Le linn an chruinnithe, an chéad chruinniú ardleibhéil le 9 mí anuas, dhearbhaigh na páirtithe a dtiomantas maidir le normalú cuimsitheach an chaidrimh agus chomhaontaigh siad leanúint leis an bpróiseas idirphlé i mí Iúil.
Bhí malartú tuairimí gearr ag an gComhairle maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir. Sa chomhthéacs sin, chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoin teagmháil a rinne sé le déanaí le hAire Gnóthaí Eachtracha nua Iosrael, Yair Lapid.
Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle an staid drámatúil in Tigray na hAetóipe, ina bhfuil tuairim is 400,000 duine i mbaol gorta de dhéantús an duine agus báis mar gheall ar ghéarchéim dhaonnúil ollmhór. Beidh malartú tuairimí maidir leis an Aetóip mar mhír plé iomlán ar chlár oibre na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i mí Iúil.
Chuir an tArdionadaí an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Rúis faoi bhráid na Comhairle, d’fhonn plé straitéiseach a dhéanamh sa Chomhairle Eorpach níos déanaí an tseachtain seo.
Ar deireadh, bhí plé gairid ag na hairí maidir le torthaí thoghcháin uachtaránachta na hIaráine, agus staid na himeartha sa chaibidlíocht atá ar siúl i Vín, arb é is aidhm di an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta a athbheochan.
Gnó eile
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ról na hoidhreachta cultúrtha chun an tsíocháin, an daonlathas agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus an tríú babhta de smachtbhannaí an Aontais mar gheall ar an coup míleata agus ar an gcos ar bolg ina dhiaidh sin i Maenmar/Burma.
An Bealarúis, an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Iaráic agus an staid maidir le COVID i Meiriceá Laidineach á bplé ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.