Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12 Iúil 2021

Na príomhthorthaí

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena mbunaítear misean oiliúna míleata de chuid an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc) chun oiliúint a chur ar fhórsaí armtha Mhósaimbíc agus chun tacú leo agus iad i mbun an pobal sibhialtach a chosaint agus an tsábháilteacht agus an tslándáil a athbhunú i gcúige Cabo Delgado.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tá Misean Oiliúna an Aontais i Mósaimbíc bunaithe againn ar an dá luas. […] Beidh an misean nua seo ina bhunchuid d'fhreagairt an Aontais ar an iarratas ó Rialtas Mhósaimbíc aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim in Cabo Delgado agus cuidiú leis an tslándáil a athbhunú agus a atreisiú.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Geopholaitíocht na dteicneolaíochtaí digiteacha nua

Bhí a céad phlé ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le tionchar seachtrach agus geopholaitiúil na dteicneolaíochtaí digiteacha nua. Tá na teicneolaíochtaí sin ríthábhachtach do shochaithe agus do gheilleagar an Aontais, ach is minice anois ná riamh a spreagann siad iomaíocht gheopholaitiúil agus tionchar domhanda, agus a n-úsáideann gníomhaithe eachtracha iad chun ionramháil a dhéanamh ar thimpeallacht na faisnéise, tionchar a imirt ar an díospóireacht phoiblí agus chun cur isteach ar phróisis dhaonlathacha.

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé go n-úsáidfidh an tAontas a chumhacht rialála chun tionchar a imirt ar noirm agus caighdeáin dhomhanda sa réimse sin, agus chun cinntiú go bhfanfaidh an córas oscailte, dírithe ar an duine agus bunaithe ar an smacht reachta. Agus an méid sin á dhéanamh acu, chuir na hairí in iúl gur mian leo oibriú i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, ó SAM go dtí an limistéar Ind-Chiúin-Aigéanach, ón Afraic go Meiriceá Laidineach.

An compás straitéiseach

Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha den chéad uair maidir leis an gcompás straitéiseach - tionscnamh an Aontais arb é is aidhm dó an tAontas a ullmhú ar bhealach níos fearr do ghéarchéimeanna amach anseo, athléimneacht an Aontais i gcoinne bagairtí a threisiú, lena n-áirítear sa chibearspás, comhpháirtíochtaí an Aontais a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus cultúr straitéiseach comhchoiteann a fhorbairt.

Tá an chéad dréacht den Chompás Straitéiseach le cur faoi bhráid na mBallstát i mí na Samhna 2021, d’fhonn bailchríoch a chur air i mí an Mhárta 2022.

An Aetóip

Bhí deis ag an gComhairle plé a dhéanamh maidir leis an staid san Aetóip agus in Tigray, áit a bhfuil géarchéim dhaonnúil thromchúiseach ann, ina bhfuil baol gorta ann do phobail, agus ina n-úsáidtear foréigean agus éigniú mar arm cogaidh go forleathan i gcoinne sibhialtach, in ainneoin an tsosa cogaidh.

Cuireadh na hairí ar an eolas maidir leis an tionscnamh chun aerdhroichead daonnúil a chruthú chun tacaíocht a thabhairt do dhaonra réigiún Tigray, agus phléigh siad na tosaíochtaí polaitiúla ar cheart don Aontas díriú orthu: rochtain dhaonnúil agus meas don dlí daonnúil idirnáisiúnta a chinntiú, an sos cogaidh a chomhdhlúthú agus obair a dhéanamh chun sos comhraic críochnaitheach a bhaint amach leis na páirtithe uile, tarraingt siar na fórsaí eachtracha as críoch na hAetóipe a chinntiú, deireadh a chur láithreach le sáruithe ar chearta an duine, agus idirphlé náisiúnta maidir le athmhuintearas a sheoladh chun sláine agus aontacht pholaitiúil na hAetóipe a chaomhnú.

Cúrsaí reatha

Chuir an tArdionadaí an Chomhairle ar an eolas faoin tsáinn sa Liobáin, agus d’fhógair sé tuiscint pholaitiúil go mbunófaí réimeas smachtbhannaí i gcoinne na ndaoine atá freagrach as an staid.

Tar éis dom cuairt a thabhairt ar an Liobáin, tá an tsáinn pholaitiúil fós ann; tá an geilleagar go dona agus tá fulaingt mhuintir na Liobáine ag dul in olcas i gcónaí. […] Tháinig na hairí ar thuiscint pholaitiúil gur cheart réimeas smachtbhannaí a bhunú i gcoinne na ndaoine sin atá freagrach as an staid. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Thug na hairí aghaidh freisin ar an staid san Afganastáin, i bhfianaise tharraingt siar trúpaí SAM agus ECAT agus an mhéadaithe atá tagtha ar ionsaithe spriocdhírithe a bhfuil cúis eitneach leo. Sa chomhthéacs sin, leag an tArdionadaí béim ar an ngá atá ann áitiú ar an Talaban dul i mbun caibidlíocht shubstainteach, chuimsitheach síochána, agus iarraidh ar thíortha an réigiúin agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta i gcoitinne ról cuiditheach a imirt chun tacú le próiseas síochána na hAfganastáine.

Lón oibre

Le linn an lóin, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí gnóthaí eachtracha le Yair Lapid, Aire Gnóthaí Eachtracha nua Iosrael, inar díríodh ar an gcaidreamh déthaobhach agus ar an staid sa réigiún freisin.

Maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, chuir na hairí i bhfios go láidir go dtacaíonn an tAontas go daingean le slándáil Iosrael agus go gcáineann sé an sceimhlitheoireacht. Ag an am céanna, tá an tAontas ag súil go gcabhróidh Iosrael le deireadh a chur leis an gcoinbhleacht trí pheirspictíocht pholaitiúil a chur ar fáil, agus tá sé fós réidh agus toilteanach tacaíocht a thabhairt d’Iosrael agus do na Palaistínigh agus iad ag iarraidh próiseas polaitiúil fóinteach a chur ar bun arís.

Conclúidí ón gComhairle

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le hEoraip Nasctha Dhomhanda agus maidir le tosaíochtaí an Aontais ag an 76ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe.

An Liobáin, EUTM Mhósaimbíc agus an Aetóip á bplé ag na hairí gnóthaí eachtracha

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Torthaí na vótála sa chruinniú

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025