Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha (cosaint), 28 Feabhra 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig airí cosanta an Aontais le chéile trí fhíschomhdháil chun an staid is déanaí mar atá ar an talamh san Úcráin a phlé, i ndiaidh ionradh míleata na Rúise a bhí gan chúis gan údar. Le linn an phlé, thagair na hairí do na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana agus go bhfuil sé ar intinn acu dlús a chur leis an tacaíocht sna laethanta agus sna seachtainí atá le teacht.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tá ríthábhacht lenár dtacaíocht d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine agus tá sí ag teastáil anois. Tá gach duine ar aon intinn faoin méid sin. Tá rún daingean ag na Ballstáit a dtacaíocht mhíleata dhéthaobhach don Úcráin a mhéadú, chun gníomhaíochtaí Putin, nach féidir glacadh leo, a chur ar ceal.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Leis an bpacáiste tacaíochta a glacadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, cuideofar le fórsaí armtha na hÚcráine iomláine chríochach agus daonra na hÚcráine a chosaint. Áirítear leis sin pacáiste tacaíochta dar luach €450 milliún chun cúnamh marfach a sholáthar chun críche cosanta agus pacáiste tacaíochta €50 milliún chun soláthairtí neamh-mharfacha a chur ar fáil.

Arna iarraidh sin don Úcráin, cuirfidh an tAontas faisnéis gheospásúil ar fáil freisin trí lárionad satailíte an Aontais Eorpaigh.

Leanfaidh an tAontas de bheith i dteagmháil le tíortha eile sa réigiún agus de thacaíocht a thabhairt dóibh, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus tíortha sna Balcáin Thiar ina measc.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025