Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha agus an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 21 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Gnóthaí eachtracha

An fogha míleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

Bhí plé ag na hairí faoin bhfogha míleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Go dtí seo, tá cabhair dhaonnúil de dhíth láithreach ar 13 milliún duine, agus tá os cionn 3.3 milliún duine tar éis teitheadh ón tír.

Bhí na hairí ar aon rámh agus iad ag tacú leis an Úcráin. Chomhaontaigh siad go leanfar den Rúis a chur faoi shrian agus a leithlisiú ar bhonn taidhleoireachta agus ar an ardán idirnáisiúnta, agus na coireanna cogaidh agus na sáruithe ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta atá déanta aici a ghairm.

Leanfaidh an tAontas de thacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a thabhairt don Úcráin agus de thacaíocht a thabhairt d’fhórsaí armtha na hÚcráine. Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an méid sin, maidir le 500 milliún euro breise a shlógfar faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Coir chogaidh ollmhór is ea a bhfuil ag tarlú san Úcráin atá á déanamh ag Fórsaí Armtha na Rúise i gcoinne mhuintir na hÚcráine. Ní féidir go ndéanfar sin gan freagra. Sin é an fáth ar díol sásaimh dúinn an coimisiún fiosrúcháin a bhunaigh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine. Is díol sásaimh dúinn freisin an t-imscrúdú atá á dhéanamh ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, agus meabhraímid an t-ordú ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcuirfidh an Rúis deireadh leis an ionradh ar an Úcráin.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Tá an tAontas réidh chun a bhearta sriantacha a neartú tuilleadh más gá sin, agus chun dul i dteagmháil leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Le linn an phlé, bhí Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Moldóive, Nicu Popescu, in éineacht leis na hairí.

Tá an Mholdóiv ar cheann de na tíortha is mó a ndéanann ionsaí na Rúise difear di, agus is dídeanaithe Úcránacha iad 13 % de na leanaí sa tír , agus tá sí ar cheann de na tíortha is mó atá faoi bhagairt. Glacann an tAontas go dáiríre leis na hábhair imní agus riachtanais atá ag an Moldóiv, agus leag na hairí béim ar a thiomanta atá siad dlús a chur le tacaíocht an Aontais don tír le chéile.

Mailí

Bhí tuairimí ag an gComhairle agus bhí malartú tuairimí aici maidir lena bhfuil ag tarlú i Mailí.

Ní hamháin gur iarr na húdaráis idirthréimhseacha i Mailí go ndéanfaí fórsaí Barkhane agus Takuba a tharraingt siar ón tír, ach chinn siad freisin a bheith ag comhoibriú le fórsaí amhais Wagner Group atá cleamhnaithe leis an na Rúis, a bhfuil a gcáil amuigh i leith ainghníomhartha atá déanta acu cibé áit a raibh siad ag oibriú.

Dhearbhaigh an Chomhairle nach féidir le misean oiliúna míleata an Aontais i Mailí (EUTM Mali) páirt a ghlacadh in aon slí i ngníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chlú an Aontais.

Ar an gcúis sin, d’éiligh an tArd-Ionadaí ráthaíochtaí i scríbhinn, nach n-oibreodh ná nach gcomhoibreodh na haonaid sin atá oilte ag an Aontas le Grúpa Wagner. Tá an tAontas ag fanacht ar fhreagairt ó údaráis Mhailí agus, mura ndeonófaí na ráthaíochtaí sin, ní bheadh aon rogha ag an Aontas ach athmhachnamh a dhéanamh ar a láithreacht i Mailí.

Idir an dá linn, leanann an tAontas de chabhair airgeadais dhíreach a thabhairt do mhuintir Mhailí agus na Saiheile ar bhonn níos leithne, agus cuirfidh sé a thacaíocht ar fáil do Bhuircíne Fasó agus don Nígir.

Conclúidí ón gComhairle

D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an gCamarúin.

Gnóthaí eachtracha agus cosaint

Ag teacht le chéile dóibh i seisiún comhpháirteach, d’fhormheas airí gnóthaí eachtracha agus cosanta an Aontais an Compás Straitéiseach, plean gníomhaíochta uaillmhianach chun beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030.

Nuair a chuir mé an compás i láthair mí na Samhna seo caite, mhaígh mé go bhfuil an Eoraip i mbaol. Anois, níl aon amhras faoi. Is ‘athrú ó bhonn’ an t-ionradh a bhí gan chúis gan údar. Is léir ón bhfreagairt a thugamar ar an gcogadh gur féidir linn, mar an tAontas, gníomhú go daingean agus go gasta agus muid ag seasamh le chéile. Deimhnítear an méid sin le glacadh seo an lae. Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Cuireann an Compás Straitéiseach measúnú comhroinnte ar fáil ar an timpeallacht straitéiseach ina bhfuil an tAontas ag feidhmiú agus maidir leis na bagairtí agus na dúshláin atá roimh an Aontas. Den chéad uair riamh, déantar tograí nithiúla inghníomhaithe sa doiciméad, ina bhfuil clár ama an-bheacht don chur chun feidhme, d’fhonn feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú go cinntitheach le linn géarchéimeanna agus chun a shlándáil agus a shaoránaigh a chosaint.

Ina theannta sin, leagann an compás béim shoiléir ar a thábhachtaí atá an caidreamh trasatlantach agus ról ECAT sa chosaint chomhchoiteann. Má tá an tAontas Eorpach níos láidre agus níos cumasaí i réimse na slándála agus na cosanta, is leis sin a chuideofar leis an tslándáil thrasatlantach agus ECAT a neartú.

Táthar ag súil go bhformhuineoidh an Chomhairle Eorpach an Compás Straitéiseach an 24-25 Márta 2022.

Cosaint

Phléigh airí cosanta an Aontais ceisteanna a bhaineann leis an gcosaint i ndáil leis an bhfogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025