Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Cruinniú urghnách den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 25 Feabhra 2022

Na príomhthorthaí

Chuaigh na hairí ar aghaidh le pacáiste eile de bhearta sriantacha a ghlacadh a mbeidh iarmhairtí ollmhóra tromchúiseacha acu ar an Rúis. Cumhdaítear leis na bearta sin an earnáil airgeadais, na hearnálacha fuinnimh agus iompair, earraí dé-úsáide, rialú onnmhairithe agus maoiniú onnmhairiúcháin, beartas víosaí, smachtbhannaí breise i gcoinne Rúisigh aonair agus critéir nua liostúcháin.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Mar chomhartha láithreach tacaíochta don Úcráin, ghlacamar an pacáiste smachtbhannaí a chomhaontaigh ceannairí na mBallstát aréir. Is pacáiste é seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo – ó thaobh luais agus méid de. Is iad na smachtbhannaí sin an pacáiste is déine a chuireamar chun feidhme riamh. Tá siad ceaptha chun cur as go mór don chumas leanúint ar aghaidh leis an bhfogha agus an fhorghabháil a mhaoiniú.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Chomhaontaigh na hairí dlús a chur leis na hiarrachtaí taidhleoireachta chun cáineadh idirnáisiúnta chomh forleathan agus is féidir a dhéanamh ar fhogha neamhdhleathach na Rúise nach raibh aon chúis leis. Bhí comhdhearcadh soiléir ann freisin leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dlús a chur leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis.

Chomhaontaigh na hairí gur gá an tacaíocht a thugtar don Mholdóiv agus don tSeoirsia a neartú agus an briogadh sna Balcáin Thiar a dhíspreagadh.

Labhair Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, leis na hairí ag tús an chruinnithe.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025