Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha, 27 Feabhra 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais le chéile go neamhfhoirmiúil trí fhíschomhdháil, agus phléigh siad bearta breise atá le glacadh mar fhreagairt ar fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ócáid stairiúil é seo toisc gurb é seo an chéad uair ó tháinig deireadh leis an dara cogadh domhanda go bhfuil ionradh á dhéanamh ag cumhacht mhíleata ar stát ceannasach eile de shárú ar an dlí idirnáisiúnta. Ar an dara dul síos, tá Eorpaigh tar éis freagairt ar bhealach a chuir iontas ar a lán daoine, na Rúisigh iad féin go háirithe.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Thug na hairí cead polaitiúil do shraith nua beart, ar bearta iad a bhfuiltear ag súil leo go gcumhdófar réimsí éagsúla gníomhaíochta:

  • tacaíocht ón Aontas d’fhórsaí armtha na hÚcráine tríd an tSaoráid Eorpach Síochána
  • smachtbhannaí breise aonair agus eacnamaíocha, lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, aerspás an Aontais a dhúnadh d’aerárthaí Rúiseacha, córas teachtaireachtaí airgeadais SWIFT, agus acmhainní Bhanc Ceannais na Rúise
  • rannpháirtíocht taidhleoireachta chun oibriú i dtreo cáineadh idirnáisiúnta agus leithlisiú na Rúise
  • bearta chun tacú leis an Úcráin agus leis an réigiún
  • tionscnaimh chun an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear an toirmeasc ar na meáin faoi úinéireacht stáit Russia Today agus Sputnik ag craoladh san Aontas.

Ní mór anois na cinntí sin a thabhairt chun críche trí ghníomhartha dlíthiúla ábhartha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025