Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Cruinniú urghnách den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 4 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Bhí cruinniú urghnách den Chomhairle ag na hairí chun an scéala is déanaí a phlé maidir lena bhfuil ag tarlú san Úcráin.

Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ní mór don Rúis deireadh a chur láithreach bonn lena cuid oibríochtaí míleata, agus tarraingt siar gan choinníoll ó chríoch na hÚcráine ina hiomláine. Bhí sé beartaithe ag an Uachtarán Putin deighilt a chothú eadrainn, ach is a mhalairt ar fad a tharla: tá muid níos aontaithe agus níos tiomanta ná riamh agus tá an Rúis iomlán scoite amach.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

D’iarr na hairí go mbeadh conair dhaonnúil ann agus leag siad béim ar a riachtanaí atá sé tuilleadh tacaíochta a thabhairt do Bhallstáit túslíne an Aontais ina bhfuil formhór díobh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh á slógadh. Ina theannta sin, d’aontaigh siad dlús a chur leis an obair ó thaobh cúrsaí daonnúla de.

Chomhaontaigh na hairí go ndéanfaí spleáchas fuinnimh an Aontais ar an Rúis a laghdú a thuilleadh. Maidir leis na bearta sriantacha láidre a glacadh le déanaí, táthar ag díriú faoi láthair ar chur chun feidhme iomlán na mbeart sin a chinntiú agus ar aon lúb ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann a dhúnadh.

Bhí malartú neamhfhoirmiúil idir airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, a tháinig le chéile trí fhíschomhdháil agus a chuir forléargas ar fáil faoin scéala is déanaí ar an talamh, ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine agus ar na hainghníomhartha atá déanta ag fórsaí na Rúise.

Ghlac Státrúnaí na Stát Aontaithe, Antony Blinken, Ardrúnaí ECAT, Jens Stoltenberg, Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, Liz Truss agus Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada, Mélanie Joly páirt sa chruinniú sa Bhruiséil freisin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025