- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 12-15 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
Comhdháil aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála
Tháinig Comhairle airí trádála an Aontais le chéile faoi dhó ar imeall 12ú Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála, a bhí ar siúl sa Ghinéiv ón 12 go dtí an 17 Meitheamh.
Tionóladh an chéad chruinniú ag tús na comhdhála, inar ghlac an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach seasamh an Aontais le haghaidh chaibidlíocht an Choimisiúin. Ina dhiaidh sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go rialta leis na Ballstáit faoina raibh ag titim amach le linn na comhdhála. Tionóladh an dara cruinniú d’airí trádála an Aontais Dé Céadaoin, an 15 Meitheamh, inar tugadh nuashonrú ar an gcaibidlíocht ag tús na céime deiridh.
Ag deireadh na comhdhála, ghlac an Chomhairle conclúidí inar dhíol sásaimh di na torthaí a baineadh amach i gcás an toirmisc ar fhóirdheontais don iascaireacht neamhdhleathach agus neamhrialáilte, agus an trádáil in earraí riachtanacha míochaine; cuimsítear sa mhéid sin solúbthacht a thabhairt isteach maidir le maoin intleachtúil chun rochtain a fháil ar vacsaíní COVID, an tslándáil bia, athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála, agus síneadh a chur leis an moratóir ar dhleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha.
D’aontaigh an Chomhairle chomh maith leis an meas dearfach a tugadh ar an bpacáiste foriomlán a baineadh amach, rud a léiríonn ábharthacht an iltaobhachais trádála le cabhrú le díriú ar dhúshláin dhomhanda.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Iúil 2026