Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 3 Meitheamh 2022

Na príomhthorthaí

Athchóiriú ar EDT agus ullmhúcháin don 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála

Phléigh na hairí an t-ullmhúchán don 12ú comhdháil aireachta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (MC12), a bheidh ar siúl sa Ghinéiv ón 12 go dtí an 15 Meitheamh 2022 i gcomhthéacs fhogha na Rúise faoin Úcráin agus paindéim COVID-19.

Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad i gcoitinne leis an moladh ón gCoimisiún maidir le gníomhaíocht le haghaidh MC12, go háirithe maidir leis na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ann, amhail an méid seo a leanas:

  • dearbhú aireachta maidir le freagairt na hEagraíochta Domhanda Trádála ar dhúshláin dhomhanda trádála, ag tagairt don athchóiriú ar an eagraíocht, réiteach díospóidí, forbairt agus an comhshaol
  • dearbhú maidir le freagairt na hEagraíochta Domhanda Trádála ar an bpaindéim, chomh maith le cinneadh maidir leis an tarscaoileadh i ndáil leis na gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil (TRIPS)
  • cinntí chun tacú leis an tslándáil bia, mar aon le cláir oibre chun an 13ú Comhdháil Aireachta maidir le hAthchóiriú Talmhaíochta a chur chun cinn
  • tabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir le fóirdheontais iascaigh
  • síneadh a chur leis an moratóir ar ríomhthráchtáil go dtí MC13

Chuir na hairí in iúl freisin a ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus a n-imní faoin tionchar a bheidh ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a dtacaíonn an Bhealarúis leis, ar an trádáil dhomhanda agus ar na torthaí a bheidh ar MC12 amach anseo.

Tiocfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil) le chéile arís sa Ghinéiv an 12 Meitheamh ar imeall chomhdháil aireachta EDT agus ag deireadh na comhdhála sin freisin.

An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoi staid reatha an chaidrimh trádála idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe agus faoi na forbairtí is déanaí, an toradh a bhí ar an 12ú cruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a tionóladh an 16 Bealtaine i bPáras-Saclay san áireamh, agus faoin méid a bhfuil siad ag súil leis amach anseo sa chaidreamh sin.

Leag na hairí béim ar an móiminteam dearfach atá sa chaidreamh leis na Stáit Aontaithe. Maidir leis na forbairtí is déanaí, chuir na hairí i bhfios go láidir go bhfuil an caidreamh leis na Stáit Aontaithe níos tábhachtaí fós de bharr iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an staid gheopholaitiúil. Ós amhlaidh atá, chuir na hairí in iúl go bhfuil siad toilteanach clár oibre cuiditheach, réamhbhreathnaitheach, trasatlantach a chur chun cinn.

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle obair an CCC mar ghné thábhachtach chun cultúr an chomhair a athbhunú, agus neamhspleáchas rialála an Aontais agus na Stát Aontaithe á urramú ag an am céanna.

Chuir na hairí in iúl go bhfuil siad tiomanta leanúint den obair dhian, d’fhonn tuilleadh torthaí nithiúla a bhaint amach faoin gcéad chruinniú eile den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, rud a bheidh ar siúl roimh dheireadh na bliana.

Chun an móiminteam dearfach atá sa chaidreamh déthaobhach trádála faoi láthair a choinneáil, chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé leanúint den obair ar theacht ar réiteach deiridh ar dhíospóidí atá ann cheana (e.g. fóirdheontais Aerbus/Boeing agus taraifí Eorpacha cruach agus alúmanaim faoi ʻRoinn 232ʼ) agus cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní nua ar thrádáil dhéthaobhach.

Chun an móiminteam dearfach atá sa chaidreamh déthaobhach trádála faoi láthair a choinneáil, chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé leanúint den obair ar shocraíocht deiridh na ndíospóidí atá ann cheana (e.g. fóirdheontais Aerbus/Boeing agus taraifí Eorpacha cruach agus alúmanaim faoi ‘Roinn 232’) agus cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní nua ar thrádáil dhéthaobhach.

An caidreamh trádála idir an tAontas agus an tSín

Bhreathnaigh na hairí ar an méid a tharla le déanaí agus ar na príomhthreochtaí sa chaidreamh trádála leis an tSín, agus aird acu go háirithe ar an idirphlé ardleibhéil eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas agus an tSín.

D’athdhearbhaigh na hairí na conclúidí ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín an 1 Aibreán 2022, inar leag an tAontas béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá ann le fada maidir le rochtain ar an margadh agus le dálaí infheistíochta sa tSín, chun caidreamh cothrom cómhalartach trádála agus eacnamaíoch a chinntiú. Ar an ócáid sin, thug ceannairí an Aontais agus na Síne sainordú freisin bealaí nithiúla a aimsiú chun na saincheisteanna sin a chur chun cinn roimh an samhradh, faoi chuimsiú an Idirphlé Ardleibhéil Eacnamaíoch agus Trádála. Phléigh na hairí bacainní ar thrádáil agus ar infheistíocht sa tSín freisin, bearta comhéigneacha i gcoinne na Liotuáine san áireamh.

Ar deireadh, thug na hairí dá n-aire a thábhachtaí atá sé go mbeadh caidreamh láidir ann leis an tSín, agus go neartófaí teacht aniar an Aontais trí bhearta uathrialacha ag an am céanna.

Caibidlíocht dhéthaobhach ar an trádáil

Le linn an lóin, phléigh na hairí staid reatha na caibidlíochta déthaobhaí trádála agus infheistíochta atá ar siúl faoi láthair, go háirithe an chaibidlíocht leis an Nua-Shéalainn, an Astráil, an Indinéis agus an India. Phléigh an Chomhairle freisin staid reatha na ndréacht-chomhaontuithe a caibidlíodh cheana le Meicsiceo, an tSile agus Mercosur. Leanfar d’obair na Comhairle ar na comhaontuithe sin.

Rinne an Chomhairle machnamh ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú comhaontuithe trádála agus ar chosc agus ar dhíothú bacainní trádála. Leag na hairí béim ar chur chun feidhme éifeachtach na gcomhaontuithe trádála sin do ghnóthais Eorpacha agus don tsochaí shibhialta araon. Bhí malartú tuairimí acu freisin maidir leis an athbhreithniú leanúnach ar chur chuige an Aontais i leith forbairt inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liosta na míreanna ʻAʼ, idir reachtach agus neamhreachtach.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025