"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 20 Bealtaine 2022
Na príomhthorthaí
Ina foirmíocht fhorbartha, bhí plé ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an ngéarchéim dhomhanda i ndáil leis an tslándáil bia atá ag bagairt de bharr an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, agus maidir leis an bhfreagairt iltaobhach ar an ngéarchéim sin.
Bhí an margadh bia faoi strus cheana féin roimh an gcogadh, ach tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin, tá an ghéarchéim sin éirithe i bhfad níos measa. Cuireann sé slándáil bia na milliún i mbaol i roinnt mhaith áiteanna ar domhan. Tá trúpaí na Rúise ag buamáil páirceanna san Úcráin, rud a chuireann bac ar chur na mbarr, ag creachadh stoic bhia agus ag blocáil chalafoirt na hÚcráine, agus dá bharr seo tá ardú as cuimse tagtha ar phraghsanna bia agus leasachán i roinnt mhaith áiteanna ar domhan. Mar sin, tá soláthar bia an domhain i mbaol, go príomha mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Cuireadh na hairí ar an eolas faoina thromchúisí atá an staid agus faoina himpleachtaí ar fud an domhain. In 2021, bhí an Rúis agus an Úcráin i measc na n-onnmhaireoirí is mó ar domhan de ghránaigh agus de shíolta agus d’ola lus na gréine agus lámh ag an Úcráin i níos mó ná 50% de thrádáil dhomhanda ola lus na gréine. Meastar nach mbainfear idir 20% agus 30% de na limistéir ina dtáirgtear gránach, arbhar Indiach agus síolta lus na gréine geimhridh san Úcráin, nó nach gcuirfear na barra sin san earrach mar gheall ar an gcoinbhleacht leanúnach. Beidh tionchar mór aige sin ar phobail leochaileacha ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha ísealioncaim a bhíonn ag brath ar allmhairiú bia agus leasachán.
Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle na réimsí éagsúla gníomhaíochta a chuirfidh an tAontas ar aghaidh de mheon ‘Foireann na hEorpa’.
Ar an gcéad dul síos, cuirfidh an tAontas fóirithint éigeandála ar fáil do phobail leochaileacha agus cabhróidh sé le hinacmhainneacht bia agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a neartú sa ghearrthéarma. Ar an dara dul síos, tacóidh an tAontas le breis agus 70 tír chomhpháirtíochta chun borradh a chur faoin aschur agus faoi athléimneacht agus inbhuanaitheacht a gcóras bia chun slándáil bia a mhéadú sa mheántéarma. Ar an tríú dul síos, tá rún daingean ag an Aontas a chinntiú go scaoilfear 20 milliún tona de ghráin, ar gráin iad atá blocáilte i sadhlanna na hÚcráine faoi láthair de bharr chogadh Putin, agus iad a chur sna margaí domhanda a luaithe is féidir trí na ‘lánaí dlúthpháirtíochta’ a mhol an Coimisiún Eorpach le déanaí. Ar deireadh, oibreoidh an tAontas níos dlúithe fós leis na Náisiúin Aontaithe agus laistigh de na Náisiúin Aontaithe, G7, an tionscnamh ‘Misean Athléimneachta Bia agus Talmhaíochta’, agus formáidí eile le haghaidh comhar domhanda i ndáil leis an ngéarchéim seo.
Bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ag na hairí forbartha le Filippo Grandi, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, a thug forléargas ar an staid dhomhanda agus ar an obair atá déanta ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Díríodh sa phlé ar an Úcráin, an tSaiheil, an Afganastáin agus Maenmar, i measc áiteanna eile. Tá os cionn 100 milliún daoine easáitithe ar fud an domhain faoi láthair.
Is comhpháirtí tábhachtach é Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe don Aontas agus is é an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit, an dara deontóir is mó d’Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Tá an tAontas ag obair i ndlúthchomhar lena Bhallstáit ar fhreagairt chomhpháirteach ó Fhoireann na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na géarchéime agus maoiniú agus tacaíocht leordhóthanach a chinntiú do na pobail is mó atá buailte agus na pobail is leochailí ar fud an domhain.
Conclúidí ón gComhairle
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.