Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20 Meitheamh 2022

Na príomhthorthaí

Fogha na Rúise faoin Úcráin – na hiarmhairtí don tslándáil bia

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chuir na hairí i bhfios go láidir go bhfuil rún acu leanúint de thacaíocht mhíleata a thabhairt don Úcráin, trí bhrú a chur ar an Rúis agus trí oibriú leis an gcomhphobal idirnáisiúnta.

Ina dhiaidh sin, dhírigh an Chomhairle ar na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an tslándáil bia ar fud an domhain.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tá an Rúis ag cur bac ar onnmhairí ón Úcráin. An Rúis, ní sinne. Tá calafoirt, stoic bhia agus bonneagar iompair á scrios ag an Rúis, agus tá sé sin tar éis an ghéarchéim dhomhanda bhia a spreagadh. Agus níos mó ná 20 milliún tona de ghrán á bhlocáil i stórais Úcránacha, agus duine éigin ag cur cosc ar an mbia sin tomhaltóirí a shroicheadh, beidh duine éigin eile ag fulaingt leis an ocras. Is iarracht d’aon ghnó é sin bia a úsáid mar arm cogaidh. Is iarracht d’aon ghnó é ocras a chruthú ar fud an domhain.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Dhírigh an Chomhairle go háirithe ar éifeachtaí na géarchéime ar thíortha san Afraic agus ar conas is féidir cabhrú leis na tíortha sin tionchar an mhéadaithe ar phraghas an bhia a mhaolú.

Tá dlúthpháirtíocht á léiriú ag an Aontas agus tá gníomhaíocht chinntitheach á glacadh aige. Gheall sé go dtabharfadh sé €1 bhilliún chun aghaidh a thabhairt ar an neamhshlándáil bia sa tSaiheil, €600 milliún do thacaíocht phráinneach chun córais bhia agus athléimneacht bhia a neartú i gCorn na hAfraice, agus €225 milliún chun éifeachtaí géarchéimeanna bia a d’fhéadfadh teacht chun cinn san Afraic Thuaidh agus sa Leiveaint a mhaolú. Déanfaidh an tAontas staidéar freisin i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe ar thionchar an chomhlíonta i dtaca le smachtbhannaí an Aontais nó seachaint mhíchuí margaidh ag roinnt gníomhaithe eacnamaíocha.

Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle an Plean Gníomhaíochta maidir le hiarmhairtí geopholaitiúla chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin ar thríú tíortha. Dírítear sa Phlean Gníomhaíochta ar dhlúthpháirtíocht, ar tháirgeadh bia a threisiú ar an talamh, ar thrádáil a chobhsú, agus ar chomhar iltaobhach.

An Éigipt

I ndiaidh Chomhairle Comhlachais AE-an Éigipt an 19 Meitheamh, a d’fhormhuinigh Tosaíochtaí nua na Comhpháirtíochta AE-an Éigipt go dtí 2027, bhí plé ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le caidreamh an Aontais leis an Éigipt. Díríodh sa phlé ar an tslándáil bia agus ar Uachtaránacht na hÉigipte ar COP27 atá le teacht.

I ndiaidh an phlé sin, le linn an lóin, bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte, Sameh Hassan Shoukry.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le hiarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus maidir leis na hullmhúcháin do COP27. Is tosaíocht dhomhanda i gcónaí é an t-athrú aeráide agus tacóidh an tAontas leis an Éigipt chun a chinntiú go n-éireoidh le COP27.

Corn na hAfraice

Bhí plé ag an gComhairle maidir leis an staid i gCorn na hAfraice, agus maidir leis na gnéithe de rannpháirtíocht réamhghníomhach fhadtéarmach an Aontais i réigiún atá níos leochailí anois mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Rinne na hairí athbhreithniú ar an staid sa tSúdáin, áit a dtacaíonn an tAontas leis an sásra trípháirteach atá comhdhéanta de na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Afracach agus an tÚdarás Idir-rialtasach Forbartha chun gur fusa a bheidh sé teacht ar réiteach polaitiúil.

Maidir leis an tSomáil, chuir na hairí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an móiminteam nua a ghlacadh tar éis Uachtarán nua a thoghadh, agus athchóirithe polaitiúla, slándála agus eacnamaíocha a éileamh.

Ar deireadh, léirigh plé na n-airí nach leor a bhfuil déanta san Aetóip chun an caidreamh a normalú ina iomláine, cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta. Ba cheart cur chuige an Aontais a bheith ‘cáiréiseach, coinníollach agus bunaithe ar an idirbheartaíocht’, i.e. a bheith ag brath ar a thuilleadh rochtain dhaonnúil, seirbhísí bunúsacha a athbhunú in Tigray agus na srianta ar bhreosla agus ar leasacháin a bhaint.

Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile

D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid a leanas:

Thug an Chomhairle dá haire an 7ú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le AE-ECAT maidir le cur chun feidhme an 74 chomhghníomhaíocht a d’fhormhuinigh an tAontas agus ECAT.

Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le Caidreamh agus Comhar idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn.

Ghlac an Chomhairle dearbhú maidir le hurraim don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún, a chosaint agus a chur chun cinn.

Ar imeall an chruinnithe a bhí ag an gComhairle, chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Danmhairge an tArdionadaí agus Uachtaránacht na Fraince ar an eolas go foirmiúil maidir le rún na Danmhairge deireadh a chur lena rogha gan a bheith páirteachagus dul isteach i mbeartas agus comhar cosanta an Aontais.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025