"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha, an 10 Deireadh Fómhair 2023, 10 Deireadh Fómhair 2023
Na príomhthorthaí
Bhí físchomhdháil neamhfhoirmiúil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais chun an staid in Iosrael agus sa réigiún a phlé tar éis na n-ionsaithe a rinne Hamas le déanaí.
I gcomhréir leis an ráiteas ó na comhchathaoirligh a foilsíodh roimhe seo tar éis an 27ú Comhairle Chomhpháirteach idir Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille agus an tAontas, cháin airí an Aontais ina gcruinniú inmheánach na hionsaithe a rinneadh le déanaí, d’iarr siad go ndéanfaí sibhialtaigh a chosaint agus d’iarr siad ar na dreamanna go léir atá i gceist guaim a choinneáil orthu féin, go scaoilfí saor gialla, go gceadófaí rochtain ar bhia, ar uisce agus ar chógais chuig Gaza i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus go n-osclófaí conairí daonnúla.
Leag na hairí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé ullmhú don mhéid a bheidh mar thoradh ar na hionsaithe, an comhar le gníomhaithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú d’fhonn Próiseas Síochána an Mheánoirthir a athbheochan.
Ní mór don chomhphobal idirnáisiúnta an tráth cinniúnach seo a úsáid – d'fhéadfadh sé gur oscailt súl atá ann dúinn - chun dul i ngleic arís le fadhb na Palaistíne agus Iosrael.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
D’athdhearbhaigh na hairí go bhfuil an ceart ag Iosrael í féin a chosaint, agus lánurraim á tabhairt don dlí daonnúil idirnáisiúnta.
Phléigh na hairí ansin conas leanúint den chomhar le hÚdarás na Palaistíne agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Palaistíne.
Rinneamar idirdhealú soiléir idir Hamas, muintir na Palaistíne agus Údarás na Palaistíne. Measaimid gur eagraíocht sceimhlitheoireachta é Hamas [...] ach is rud eile é Údarás na Palaistíne, is é Údarás na Palaistíne an comhpháirtí s'againne. Ní dhéileálaimid le Hamas ach, go deimhin, tacaímid le hÚdarás na Palaistíne agus déileálaimid agus oibrímid i gcomhar leis.
Agus ní sceimhlitheoirí iad na Palaistínigh go léir. Mar sin, beidh pionós comhchoiteann i gcoinne na bPalaistíneach uile éagórach agus neamhtháirgiúil. Beidh sé i gcoinne ár leasanna agus leas na síochána.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuir tromlach mór na n-airí in iúl gur cheart leanúint den chomhar le hÚdarás na Palaistíne agus nár cheart deireadh a chur le cistí an Aontais.
D’aontaigh na hairí go leanfaidh an tAontas lena rannpháirtíocht leis na páirtithe uile agus go leanfaidh sé de thacaíocht airgeadais agus pholaitiúil a thabhairt don réigiún. Maidir le tiomantas fadtéarmach an Aontais do réiteach polaitiúil bunaithe ar dhá stát, cinnteoidh sé freisin go leanfar leis an tiomantas sin tar éis na n-imeachtaí tragóideacha seo.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.