"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid in Iosrael, Stráice Gaza agus an réigiún, ag cur leis an ráiteas a chomhaontaigh an Chomhairle d'aon toil an lá roimhe sin, inar iarraidh – i measc rudaí eile – go gcuirfí sosanna daonnúla láithreacha i gcogaíocht in Gaza agus go mbunófaí conairí daonnúla.
Dhírigh na hairí go háirithe ar an staid dhaonnúil in Gaza, agus chuir an Coimisinéir Lenarčič ar an eolas faoin ábhar sin iad. Chuir an Chomhairle i bhfios go láidir gur forbairt dhearfach ab ea oscailt thrasnú Rafah ach nach leor é chun an brú a bhaint den staid dhaonnúil.
Leag na hairí béim ar an ngá atá le hacmhainneacht mhéadaithe idirthurais trí níos mó trasnuithe talún a oscailt, nó trí bhealach tiomnaithe muirí a chruthú, agus d’iarr siad arís go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll na gialla uile agus go mbeadh rochtain ag an gCrois Dhearg orthu.
Phléigh an Chomhairle ansin an gá atá le géarú agus éifeachtaí iarmharta sa réigiún a sheachaint. Chuige sin, tá an tAontas ag dul i dteagmháil leis na gníomhaithe réigiúnacha ábhartha uile, ag tabhairt aird ar leith ar staid Hezbollah ar theorainn thuaisceart Iosrael leis an Liobáin.
Ar deireadh, dhírigh an Chomhairle ar an ngá atá le hobair a dhéanamh ar réiteach níos fadtéarmaí, cás iarchoinbhleachta lena bhféadfaí cobhsaíocht agus síocháin inbhuanaithe a ráthú don Phalaistín, d’Iosrael agus don réigiún máguaird.
Tá costas thar a bheith ard ag baint leis an ngéarchéim dhrámatúil seo a bhfuilimid ag dul tríthi ó thaobh na beatha de –beatha Iosraelach agus beatha Palaistíneach – agus léiríonn sí go bhfuiltear ag teip orainn mar chomhphobal idirnáisiúnta, go polaitiúil agus go morálta. Theip orainn teacht ar réiteach ar an bhfadhb seo go dtí seo. Agus caithfimid a thuiscint anois go bhfuil sé riachtanach teacht ar réiteach agus nach mór todhchaí dhá stát a bheith ann. Ní bhaineann sé le hathchruthú Gaza amháin. Tá sé sin déanta againn arís agus arís eile. Caithfimid stát a chruthú do na Palaistínigh.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Mhol an tArdionadaí sraith coinníollacha do na hairí chun dul i dtreo réiteach, i ndlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe agus na Stáit Arabacha.
Ní féidir linn easáitiú éigeantach mhuintir na Palaistíne amach ó Gaza a bheith againn. Ní féidir linn na Palaistínigh a dhíbirt ag súil go n-óstálfar áit éigin eile iad. [...] Nár thaga aon athrú críche ná laghdú críche ar chríoch Gaza. Nár dhéana Fórsaí Cosanta Iosrael aon athghabháil bhuan ann. Nár fhille Hamas ar Gaza ach an oiread.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ag féachaint chun cinn, chuir an tArdionadaí in iúl go láidir nach féidir an staid in Gaza a scaradh ó shaincheist fhoriomlán na Palaistíne, ach go gcaithfidh sí a bheith mar chuid den réiteach cuimsitheach inbhuanaithe. Ní mór do na gníomhaithe éagsúla gealltanas a thabhairt go n-aimseoidh siad réitigh ar Údarás na Palaistíne in Gaza, nach mór do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a théarmaí tagartha agus dlisteanachta a cheapadh go cúramach agus cinneadh a dhéanamh ina leith.
Leag an tArdionadaí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh na tíortha Arabacha níos rannpháirtí agus go mbeadh an tAontas Eorpach níos rannpháirtí sa réigiún.
Phléigh Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais fogha na Rúise faoin Úcráin, tar éis d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, labhairt le hairí an Aontais trí fhíschomhdháil, agus chuir sé ar an eolas iad faoi na forbairtí is déanaí ar an láthair agus faoi thosaíochtaí agus riachtanais mhíleata na hÚcráine.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici tacú leis an Úcráin agus cabhrú léi í féin a chosaint ar chogadh Putin. Rinne na hairí tuilleadh plé ar thacaíocht mhíleata an Aontais agus ar na gealltanais slándála a bheidh ann amach anseo, faoi mar a bhí curtha de chúram orthu ag ceannairí an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2023.
Dhearbhaigh an tArdionadaí gurb é an chéad tosaíocht ná tacaíocht mhíleata bhreise a fháil trí imchlúdach tiomnaithe na Saoráide Eorpaí Síochána atá beartaithe — Ciste Cúnaimh na hÚcráine ó 2024 ar aghaidh.
Ina theannta sin, leanfaidh an tAontas d’oiliúint a chur ar shaighdiúirí na hÚcráine trí Mhisean Comhairleach an Aontais san Úcráin, misean a chuir oiliúint ar níos mó ná 30 000 saighdiúir cheana féin i níos lú ná bliain amháin, agus a dhéanfaidh oiliúint ar 10 000 sa bhreis sa tréimhse atá le teacht.
Ar deireadh, leagfaidh an tAontas béim ar phríomhthosaíocht eile, Foirmle Síochána na hÚcráine, a mheasann an Chomhairle a bheith ar an aon togra amháin le haghaidh síocháin chóir agus inbhuanaithe a phlé ar an leibhéal idirnáisiúnta.
An Airméin/an Asarbaiseáin
Bhí plé ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an Airméin/an Asarbaiseáin, i bhfianaise oibríocht mhíleata na hAsarbaiseáine sa Nagarna-Carabaic an 19-20 Meán Fómhair 2023, olleasáitiú 100 000 Airméanaigh Carabaic ina dhiaidh sin agus na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun an caidreamh a normalú.
Phléigh an Chomhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2023 conas comhar an Aontais leis an Airméin a neartú a thuilleadh mar aon le tacú lena húdaráis a toghadh go daonlathach, a hathléimneacht, a slándáil agus leanúint leis na hathchóirithe sa tír.
Ag cur leis an méid sin, chomhaontaigh an Chomhairle féachaint an bhféadfaí tacaíocht neamh-mharfach a chur ar fáil don Airméin faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus misean an Aontais san Airméin a neartú, chun níos mó breathnóirí agus tuilleadh patról a cheadú, lena gcuirtear san áireamh limistéir íogaire. Phléigh na hairí freisin an rogha chun léirscaoileadh víosaí a cheadú don Airméin.
Ní mór dúinn a bheith an-airdeallach maidir le haon iarrachtaí chun an Airméin a dhíchobhsú, idir inmheánach agus sheachtrach. Is soiléir an teachtaireacht atá againn chuig an Asarbaiseáin: ní féidir glacadh le haon sárú ar iomláine chríochach na hAirméine agus bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag baint lena leithéid i ndáil le caighdeán ár gcaidrimh.
Iarraimid go gcuirfear tús arís leis an gcaibidlíocht idir an Airméin agus an Asarbaiseáin bunaithe ar an obair atá déanta ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Ní mór dúinn an conradh síochána a thabhairt i gcrích, agus táimid tiomanta leanúint lenár ról idirghabhála. Chinneamar cuireadh a thabhairt d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hAirméine a bheith linn ar imeall ceann de chruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eachtracha atá le teacht.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Cinntí eile
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.
An Taidhleoireacht Aeráide
I dteannta Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais, bhí Sultan Al Jaber, Uachtarán ainmnithe COP28, chun seisiún a dhéanamh maidir leis an taidhleoireacht aeráide. Deimhníodh sa phlé go bhfuil rún daingean ag an Aontas a chinntiú, in ainneoin an tsuaite gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfanfaidh Comhdháil Aeráide na Náisiún Aontaithe dírithe ar an troid eiseach i gcoinne an téimh dhomhanda agus an athraithe aeráide le cinntí agus gealltanais uaillmhianacha.
Cruinniú Aireachta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar
Ag deireadh an chruinnithe fhoirmiúil den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, bhí airí an Aontais rannpháirteach sa chruinniú aireachta idir an tAontas agus na Balcáin in éineacht le seisear airí Gnóthaí Eachtracha chomhpháirtithe na mBalcán Thiar: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia.
Bhí sé d’aidhm ag an gcruinniú aireachta rannpháirtíocht an Aontais leis na Balcáin Thiar a threisiú a thuilleadh, agus béim á leagan ar dhúshláin choiteanna slándála, lena gcuirtear san áireamh trasnaíocht eachtrach agus ionramháil faisnéise, cibearbhagairtí agus iarmhairtí fhogha na Rúise faoin Úcráin, chomh maith le comhar i bhfóraim idirnáisiúnta.
* Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.