- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí trádála, 12 Feabhra 2025
Na príomhthorthaí
Bhí físchomhdháil neamhfhoirmiúil ag airí trádála an Aontais chun an caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a phlé agus chun an caidreamh leis na Stáit Aontaithe, mar atá le déanaí agus mar a d’fhéadfadh a bheith amach anseo, a mheas.
Ghlac an Coimisinéir um Thrádáil agus um Shlándáil Eacnamaíoch, Maroš Šefčovič, páirt i gcruinniú freisin.
Ba léir ón gcruinniú inniu go bhfuil na Ballstáit ag seasamh gualainn ar ghualainn agus iad meáite ar earnáil cruach agus alúmanaim na hEorpa a chosaint ar aon dhíchobhsú sa mhargadh. Cé go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis an gcomhpháirtíocht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, tacóimid leis an gCoimisiún Eorpach agus beimid gníomhach i gcásanna den sórt sin agus freagróimid ar bhealach freagrach comhréireach nuair is gá. Ag an am céanna, is mian linn an comhar dearfach leis na Stáit Aontaithe a chothabháil ionas go mbeimid in ann na bacainní ar an margadh trasatlantach a bhaint agus an tslándáil eacnamaíoch a chothú.
Krzysztof Paszyk, Aire Forbartha agus Teicneolaíochta na Polainne
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Feabhra 2025