Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 24 Feabhra 2025

Na príomhthorthaí

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Anois, 3 bliana tar éis don Rúis tús a chur lena mór-ionradh marfach ar an Úcráin, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha fogha sin na Rúise faoin Úcráin, tar éis dóibh tuairisc físchomhdhála a fháil ó Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, leis an eolas is déanaí maidir lena bhfuil ag tarlú ann, ó thaobh na polaitíochta de agus ó thaobh na cogaíochta de.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Níl aon duine san Eoraip ag iarraidh go leanfadh an cogadh ar aghaidh, agus níl aon dream san Eoraip ar lú a bhfonn go leanfadh sé ar aghaidh ná muintir na hÚcráine. Síocháin ar a gcríoch, sin atá uathu. Is léir don saol mór é sin. Agus sin an fáth go gcaithfimid a bheith an-láidir i gcoinne an ionsaitheora agus síocháin a bhaint amach, síocháin de thairbhe an nirt. Tá an tAontas ag seasamh leis an Úcráin.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Sa chomhthéacs sin, ghlac an Chomhairle a 16ú pacáiste de bhearta sriantacha, pacáiste fairsing de shriantacha eacnamaíocha agus sriantacha i gcoinne daoine aonair. Is dírithe ar earnálacha ríthábhachtacha de chuid gheilleagar na Rúise atá sé, rud a lagóidh a thuilleadh cumas an réimis a chogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar a fhearadh ar an Úcráin.

Phléigh na hairí freisin tionscnamh nua ón Ardionadaí maidir le feabhas a chur ar an tacaíocht mhíleata ón Aontas don Úcráin in 2025.

Beidh an t-ábhar sin ar chlár oibre chruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí an 6 Márta 2025.

An staid sa Mheánoirthear, an tSiria, an Liobáin agus UNRWA san áireamh

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha i ndáil leis an tSiria agus ghlac sí cinntí agus dearbhú polaitiúil leis an déine a bhaint de chreat smachtbhannaí an Aontais in earnálacha áirithe, agus é sin chun tacú le haistriú cuimsitheach sa tSiria, chun tacú lena téarnamh eacnamaíoch, agus le hatógáil agus cobhsú na tíre amach anseo.

Shoiléirigh an tArdionadaí go mbeidh éifeacht láithreach ag éascú sin na smachtbhannaí ach gur féidir an cinneadh sin a aisiompú mura gcomhlíonfaidh údaráis nua na Siria a ngealltanais. D’fhógair sí freisin go mbeidh an naoú ceann de na comhdhálacha sa Bhruiséil ‘Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin’ á tionól an 17 Márta 2025, chun a thuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don tSiria agus dá tíortha comharsanachta.

Phléigh na hairí ansin an méid is déanaí atá tarlaithe in Iosrael agus in Gaza, i bhfianaise chur chun feidhme chomhaontú an tsosa cogaidh, a bhfuil an tAontas ag rannchuidiú leis trí EUBAM Rafah a athimscaradh, chomh maith lena bhfuil tarlaithe sa Liobáin.

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, áit a bhfuil géarú mór tar éis teacht ar an gcoinbhleacht ó thús mhí Eanáir, agus ar measa fós anois í leis an ionsaí athnuaite atá á dhéanamh ag M23 sa chuid thoir den tír, agus tacaíocht acu ó Fhórsaí Armtha Ruanda.

Is den ríthábhacht iomláine chríochach an Chongó, agus is den ríthábhacht freisin iomláine chríochach na hÚcráine. Tá feidhm ag cairt na Náisiún Aontaithe gach áit ar domhain.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Phléigh an tArdionadaí a tionscnamh leis na hairí, tionscnamh atá bunaithe ar iarrachtaí taidhleoireachta chun tacú le próiseas síochána Luanda agus Nairobi, ach bunaithe freisin ar chéimeanna breise, mar shampla: go gcuirfí ar fionraí an comhairliúchán cosanta a dhéanann an tAontas le Ruanda, agus go bhféadfaí bearta sriantacha a chur chun feidhme ag brath ar a dtarlóidh ar an bhfód. D’fhógair sí freisin go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh ar an Meabhrán Tuisceana maidir le hamhábhair chriticiúla.

Cúrsaí reatha

Faoi mhír na gcúrsaí reatha, phléigh an Chomhairle an tSeoirsia.

Is cúis mhór imní go bhfuil reachtaíocht diansmachta á glacadh sa réigiún agus forneart iomarcach in úsáid i gcoinne na n-agóideoirí. Ní mór na hagóideoirí sin go léir a shaoradh láithreach, agus is léir lena bhfuil á dhéanamh ag an tSeoirsia, nach ag dul i dtreo na hEorpa atá sí. Táimid ag súil le luachanna áirithe, go ndéanfaidh tíortha is iarrthóirí, ar nós na Seoirsia, céimeanna áirithe, agus is ríléir nach bhfuil sé sin á dhéanamh ag an tSeoirsia.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2025