"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, tar éis d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, a chomhghleacaithe san Aontas a chur ar an eolas trí fhíschomhdháil faoinar tharla le déanaí ar an láthair agus faoi na riachtanais is práinní atá ag an Úcráin.
Sa phlé a bhí ag na hairí AE27 ina dhiaidh sin, pléadh conas dlús a chur leis an tacaíocht mhíleata a thugann an tAontas don Úcráin agus thángthas ar chomhaontú maidir le bearta sriantacha an Aontais a athnuachan i bhfianaise ghníomhaíochtaí leanúnacha Chónaidhm na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine go ceann 6 mhí eile, go dtí an 31 Iúil 2025.
Is í an Eoraip an deontóir idirnáisiúnta is mó atá ag Cív. Tá breis agus €134 bhilliún san iomlán curtha ar fáil againn. Ach is léir go bhfuil níos mó ag teastáil ón Úcráin. Tá an líne thosaigh ag bogadh siar, ach ba chóir go mbeadh sí ag bogadh soir. Tá níos mó armlóin, aerchosanta agus saighdiúirí oilte de dhíth ar an Úcráin, rud a d’athdhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha Sibiya freisin san fhíschomhdháil. Is dhá thaobh den chur chuige céanna iad tacaíocht mhíleata mhéadaithe don Úcráin agus smachtbhannaí níos déine i gcoinne na Rúise. Tá níos mó tacaíochta míleata don Úcráin an-tábhachtach dár slándáil féin freisin.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
An caidreamh idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha caidreamh an Aontais leis na Stáit Aontaithe, tar éis oirniú an Uachtaráin Trump.
Bhí sé mar aidhm ag plé na n-airí comhthuiscint a chruthú i measc na mBallstát maidir leis an gcaidreamh trasatlantach: dúshláin a shainaithint, tosaíochtaí a chomhaontú, deiseanna a mhapáil le haghaidh clár oibre dearfach agus rannpháirtíocht a chomhordú.
Ag deireadh an chruinnithe, chuir an tArdionadaí in iúl go bhfuil impleachtaí móra ag beartais rialtas nua na Stát Aontaithe ar an Aontas Eorpach agus nach mór do thíortha na hEorpa seasamh le chéile agus leanúint de bheith aontaithe.
Is gníomhaí cumhachtach eacnamaíoch agus comhpháirtí geopholaitiúil í an Eoraip, agus is iad na Stáit Aontaithe an comhghuaillí is dlúithe atá againn. Tá ár namhaid ag comhoibriú go dlúth lena chéile. Ba cheart dúinne déanamh amhlaidh. Tá an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh níos láidre agus níos sábháilte le chéile.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le tacaíocht an Aontais don tSiria agus maidir le creat smachtbhannaí an Aontais a mhaolú.
Thángamar ar chomhaontú polaitiúil chun tús a chur le maolú na smachtbhannaí ar an tSiria. D’fhéadfadh sé seo borradh a chur faoi gheilleagar na Siria agus cabhrú leis an tír teacht chuici féin arís. Cé go bhfuil sé mar aidhm againn gníomhú go tapa, táimid réidh freisin an ghníomhaíocht sin a aisiompú má théann an scéal in olcas. Cuirfimid leis an gcabhair dhaonnúil agus leis na hiarrachtaí téarnaimh ag an am céanna.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Maidir leis an staid in Iosrael agus in Gaza, ba dhíol sásaimh don Chomhairle gur scaoileadh saor gialla agus gur fógraíodh an sos comhraic an 15 Eanáir.
D’fhógair an tArdionadaí go mbeidh an tAontas ag tacú le cur chun feidhme an tsosa comhraic, lena n-áirítear, trí mhisean sibhialtach an Aontais chuig Rafah a ath-imscaradh chun maoirseacht a dhéanamh ar sheiceálacha teorann.
D’fhógair sí freisin gur mithid Comhairle Comhlachais AE‑an Liobáin a reáchtáil in 2025.
Phléigh na hairí an Iaráin freisin, ós rud é gur chuir na Ballstáit in iúl go soiléir nach mór deireadh a chur leis an gcleachtas maidir le náisiúnaigh eachtracha a choinneáil ar mhaithe le buntáiste polaitiúil a fháil.
Bhí plé neamhfhoirmiúil céadphroinne ag an gComhairle maidir le bagairtí hibrideacha.
Tá méadú ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine ghníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise […] Rinneadh damáiste mór d’fhearais faoin bhfarraige i Muir Bhailt. Tugaimid comhartha contúirteach d'aon namhaid atá againn nuair nach n-éiríonn linn stop a chur le gníomhaíochtaí mar sin. Tagann siad i dtír ar na laigí atá againn. Táimid ag obair as lámha a chéile anois chun ár bhfeasachta staide, ár n-ullmhacht agus ár n-athléimneacht a neartú.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí i ndáil le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine in 2025
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.