- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta (Airteagal 50), 20/06/2017, 20 Meitheamh 2017
Na príomhthorthaí
Brexit
Chuir an Coimisiún an Chomhairle, i bhformáid AE27, ar an eolas faoin gcéad bhabhta den chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe faoi Brexit a bhí ar siúl sa Bhruiséil an lá roimhe sin. Rinne na hairí ullmhúchán don Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) an 22 Meitheamh 2017 trí phlé a dhéanamh ar staid na gcainteanna faoi Bhrexit agus faoin mbealach chun cinn.
Is le deathoil a chuirimid tús leis an gcaibidlíocht sin agus aidhm shoiléir againn margadh a dhéanamh. Chun an méid sin a bhaint amach, níl am ar bith le spáráil againn. Is dea-scéala é gur thángamar ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcaoi a n-eagróimid an t-idirphlé a bheidh againn. Chuireamar an seasamh atá againn in iúl go soiléir freisin. Tá súil againn anois gur smaointe soiléire réalaíocha a bheidh ag an Ríocht Aontaithe i leith na caibidlíochta.
Helena Dalli, Aire Gnóthaí Eorpacha agus Comhionannais Mhálta
Gníomhaireachtaí an Aontais
I gcomhthráth le cruinniú na Comhairle, phléigh 27 n-aire de chuid an Aontais an nós imeachta chun athlonnú na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe anois sa Ríocht Aontaithe a chinneadh: an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).
Mhol Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk, agus Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, do na Ballstáit nós imeachta sonrach a leanúint dó sin. Is é atá ann glao ar thairiscintí ó na Ballstáit, measúnú ag an gCoimisiún bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus cinneadh críochnaitheach ó na 27 mBallstát trí vótáil i bhfómhar na bliana 2017.
Meastar go dtacóidh na 27 gceannaire de chuid an Aontais leis an nós imeachta i gcomhthráth leis an gComhairle Eorpach (Airteagal 50) ar an 22 Meitheamh.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ester Arauzo-Azofra Preasoifigeach
- +32 2 281 53 61
- +32 473 63 07 23
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024