Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta (Airteagal 50), 25/09/2017, 25 Meán Fómhair 2017

Na príomhthorthaí

Phléigh an Chomhairle, i bhformáid AE 27, an dul chun cinn sa chaibidlíocht faoi Brexit, agus an ceathrú babhta de chainteanna leis an Ríocht Aontaithe á sheoladh an lá céanna. Chuir príomh-idirbheartaí an Choimisiúin Michel Barnier an Chomhairle ar an eolas maidir lena bhfuil ag tarlú, agus bhí deis ag Airí AE27 tuairimí a mhalartú maidir leis an idirphlé atá fós ar siúl.

“Tá an sainordú a ghlacamar ceithre mhí ó shin fós iomlán bailí agus léirigh Airí an athuair go dtacaíonn siad go huile is go hiomlán le hidirbheartaí an Aontais. Tá AE27 aontaithe i gcónaí agus tá cainéal amháin idirbheartaíochta againn. Tar éis óráid chuiditheach Phríomh-Aire May tá súil againn go mbeidh an babhta a thosóidh inniu táirgiúil, ós rud é nach tráth moille é.”

Matti Maasikas, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha na hEastóine agus cathaoirleach ar chruinniú na Comhairle

Chuir na hAirí tús freisin leis an ullmhúchán do Chomhairle Eorpach (Airteagal.50) mhí Dheireadh Fómhair trí bhreathnú ar dhréachtchlár oibre anótáilte don chruinniú mullaigh.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024