Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 17/10/2017, 17 Deireadh Fómhair 2017

Na príomhthorthaí

Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Chuir an Chomhairle bailchríoch ar an ullmhúchán don Chomhairle Eorpach atá ar na bacáin trí phlé a dhéanamh ar na dréachtchonclúidí. Ag an gcruinniú ar an 19 Deireadh Fómhair, díreoidh ceannairí an Aontais ar an imirce, an Eoraip Dhigiteach, an chosaint, agus an caidreamh seachtrach. I measc na n-ábhar atá le plé, tá bearta chun srian a chur leis an sreabhadh imirce neamhdhleathach, agus pé dul chun cinn atá déanta maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn; na bealaí is fearr chun na deiseanna a bhaineann leis an réabhlóid dhigiteach a thapú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na réabhlóide sin; an buanchomhar struchtúrtha atá beartaithe maidir leis an gcosaint (PESCO); agus na saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, lena n-áirítear an caidreamh leis an Tuirc.

An smacht reachta sa ré dhigiteach

Thionóil an Chomhairle a tríú hidirphlé bliantúil faoin smacht reachta, dírithe ar iolrachas na meán agus ar an smacht reachta sa ré dhigiteach. Agus Michael O'Flaherty, Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, rannpháirteach, phléigh na hairí na dúshláin atá á dtabhairt don smacht reachta agus do chearta bunúsacha an duine i dtimpeallacht nua na meán; na bealaí is fearr tacú leis an iriseoireacht ardchaighdeáin; agus a riachtanaí atá sé a áirithiú gur leor na scileanna litearthachta sna meáin atá ag saoránaigh an Aontais idir shean agus óg.

"Bhí an gó-scéala (“fake news”) riamh ann, ach sa lá atá inniu ann, is féidir le duine ar bith faisnéis - nó bréagaisnéis - a scaipeadh ar phobal gan áireamh i bhfaiteadh na súl," a dúirt Matti Maasikas, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha na hEastóine a bhí ina chathaoirleach ar chruinniú na Comhairle inniu. Is den riachtanas, dá bhrí sin, go mbeadh daoine ar an eolas faoin mbaol sin agus go mbeidís in ann a dhéanamh amach cé acu an fíorscéala nó gó-scéala atá i gceist, cé acu an troll atá i gceist nó nach ea."

Cuirfidh an Uachtaránacht conclúidí i dtoll a chéile maidir leis an díospóireacht, a sheolfar ar aghaidh chuig comhlachtaí ábhartha na Comhairle lena marana a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025