Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 25/09/2017, 25 Meán Fómhair 2017

Na príomhthorthaí

Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair trí phlé a dhéanamh ar chlár oibre sealadach. Ag an gcruinniú sin, táthar ag súil go ndíreoidh ceannairí an Aontais ar an imirce, ar an Eoraip Dhigiteach, ar an gcosaint agus ar an gcaidreamh seachtrach.

“Tá na hábhair sin ag teacht go hiomlán le tosaíochtaí uachtaránacht na hEastóine, lena n-áirítear iarrachtaí leanúnacha chun dul i ngleic le géarchéim na himirce, comhar cosanta na hEorpa a fhorbairt agus an sprioc uileghabhálach a shaothrú, is é sin, gach a mbaineann le cúrsaí digiteacha a chur chun cinn.”

Matti Maasikas, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha na hEastóine

Phléigh na hAirí freisin tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le Clár Oibre an Choimisiúin don bhliain 2018. Thacaigh siad tríd is tríd lena bhfuil ar intinn ag an gCoimisiún a dhéanamh, agus thug siad dá n-aird tionscnaimh áirithe a shíl siad a bheadh thar a bheith fóinteach. Cuideoidh tuairimí na nAirí leis an gCoimisiún bailchríoch a chur ar an gclár oibre uaidh, atá le glacadh i mí Dheireadh Fómhair.

Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Coimisiún na hAirí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an idirphlé smachta reachta atá ar siúl aige leis an bPolainn. Ina theannta sin, dhruid an Chomhairle an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach i gcás na Gréige, agus é deimhnithe aici go bhfuil easnamh na tíre sin anois faoi bhun de 3% OTI, i.e. luach tagartha an Aontais maidir le heasnaimh.

“Tar éis na mblianta fada de ghéardheacrachtaí, tá cúrsaí airgeadais na Gréige i bhfad níos fearr anois. Dá bhrí sin, is mór an díol sásaimh cinneadh an lae inniu.”

Toomas Tõniste, Aire Airgeadais na hEastóine

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025