- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15/11/2017, 15 Samhain 2017
Na príomhthorthaí
A bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe
Phléigh an Chomhairle a bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe ó 2020 ar aghaidh, tar éis don Choimisiún an 7ú tuarascáil maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a fhoilsiú.
Cuirfidh toradh na díospóireachta leis an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún mar chuid den ullmhúchán atá á dhéanamh aige ar phacáiste nua reachtach maidir leis an mbeartas comhtháthaithe ó 2020 ar aghaidh, pacáiste atáthar ag súil lena thíolacadh an bhliain seo chugainn.
Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin, gan phlé, maidir le sineirgí agus simpliú a dhéanamh ar an mbeartas comhtháthaithe ó 2020 ar aghaidh.
“Ní bhíonn saoránaigh agus cuideachtaí ar an eolas i gcónaí faoi thionchar an bheartais chomhtháthaithe ar gheilleagar na hEorpa agus ar an saol laethúil acu. Ach tá an borradh curtha aige faoi réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear an geilleagar digiteach, an comhshaol, iompar, an bonneagar sóisialta agus taighde. Tugadh treoir shoiléir sa phlé a bhí inniu againn maidir le bealaí chun éifeachtaí iolraitheora dearfacha an chomhtháthaithe a mhéadú don chéad bhuiséad ilbhliantúil eile.” Jaak Aab, Aire Riaracháin Phoiblí na hEastóine
Cistí struchtúracha agus infheistíochta
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn i ndáil leis an bpróiseas reachtach leanúnach maidir le modhnú a dhéanamh ar "Rialachán na bhForálacha Coiteanna", go háirithe na forálacha maidir le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa atá sa togra "Omnibus" ón gCoimisiún.
Leis an togra Omnibus, atá ina chuid den athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, déanfar na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár oibre táscach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Samhain 2017
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Samhain 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Samhain 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Samhain 2017
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025