Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 18-19/11/2014, 18-19 Samhain 2014

Phléigh an Chomhairle plean infheistíochta €300 billiún an Aontais Eorpaigh i dtaca le fás agus poist a chothú

Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 18-19 Samhain chuathas i mbun na n-ullmhúchán don Chomhairle Eorpach atá ag teacht. Phléigh Airí AE freisin an plean infheistíochta €300 billiún agus ghlac siad Conclúidí maidir le beartas comhtháthaithe AE.

Ullmhúcháin do chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag

An 18 agus an19 Nollaig, féachfaidh an Chomhairle Eorpach le breis iarrachtaí a dhéanamh chun an fás, poist agus an t-iomaíochas Eorpach a chothú agus féachfaidh siad ar shonraí an phlean infheistíochta don dá bhliain atá romhainn.

Tharraingeodh an plean nua ar acmhainní breise poiblí agus príobháideacha le go bhféadfar an fás agus an fhostaíocht a sporadh san Eoraip.

Is móide go bpléifear ceisteanna atá ina n-ábhar imní idirnáisiúnta freisin, amhail an ghéarchéim maidir le Ebola agus an staid san Úcráin agus sa Mheánoirthear.

Conclúidí na Comhairle Eorpaí a chur chun feidhme

Ar bhonn tuarascála a d'ullmhaigh Uachtaránacht na hIodáile, d'fhéach Airí AE freisin ar an gcaoi ina bhféadfaí luathú leis na tosaíochtaí a comhaontaíodh ag an gComhairle Eorpach i Meitheamh a chur chun feidhme.

Rinne Airí AE a gcuid tuairimí a chíoradh maidir le tosaíocht an chláir oibre straitéisigh agus aird acu ar bheartas fuinnimh agus aeráide AE. Tugadh aird speisialta ar na ceisteanna a bhaineann le haontas fuinnimh a bhunú.

Cláreagrú idirinstitiúideach bliantúil agus ilbhliantúil a neartú

Phléigh an Chomhairle na tosaíochtaí a chuirfear san áireamh i gClár Oibre Bliantúil 2015. Ba mhór ag Airí AE an comhaontú ón gCoimisiún agus ó Pharlaimint na hEorpa maidir lena dtosaíochtaí reachtacha don Eoraip a chomhordú.

Urraim a áirithiú don sásra um smacht reachta

Spreag Airí AE freisin an Chomhairle ról lárnach a ghabháil sa phlé maidir leis an smacht reachta a urramú laistigh den Aontas.

Cruinniú maidir le comhtháthú

Dé Céadaoin an 19 Samhain ghlac Airí AE na conclúidí maidir leis an séú tuarascáil faoin gcomhtháthú. Cíorfaidh na hAirí a gcuid tuairimí maidir le nóta ón uachtaránacht faoin méid a chuirfidh an beartas comhtháthaithe leis an ullmhúchán don athbhreithniú lárthéarma ar an straitéis Eoraip 2020.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025