- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 23/07/2014, 23 Iúil 2014
Glacfaidh an Liotuáin an euro mar airgeadra an 1 Eanáir 2015
Ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 23 Iúil fearadh fáilte roimh an Liotuáin agus í ar tí teacht isteach sa limistéar euro. Phléigh na hairí freisin clár oibre Uachtaránacht na hIodáile agus an t-athbhreithniú meántéarmach ar an straitéis Eoraip 2020.
An 1 Eanáir 2015, beidh an Liotuáin ar an 19ú mBallstát a ghlac an euro mar airgeadra.
"Bhí toradh fónta ar iarrachtaí comhsheasmhacha na Liotuáine: d'fhear an limistéar euro fáilte romhainn inniu", a dúirt Algirdas Butkevičius, Príomh-Aire na Liotuáine, ag an gcruinniú a bhí ag airí an Aontais.
Tá sé an-tábhachtach don limistéar euro ina iomláine go mbeadh an Liotuáin páirteach ann.
"Is léiriú é ar a tharraingtí agus atá togra an airgeadra aonair i gcónaí agus ar a ábhartha agus atá sé do thodhchaí ár gcomhphobail", arsa Sandro Gozi, Státrúnaí na hIodáile do Ghnóthaí Eorpacha agus Uachtarán ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Socraíodh gurb é 3.45280 litas na Liotuáine in aghaidh an euro an ráta comhshó.
Clár na hUachtaránachta
Thíolaic Uachtaránacht na hIodáile, i seisiún poiblí, a clár oibre do ré a téarma oifige - Iúil go Nollaig 2014. Tá sé i gceist aici cur leis an díospóireacht atá ar bun faoi láthair maidir le tosaíochtaí an Aontais amach anseo agus a áirithiú go mbainfear leas iomlán as na deiseanna a chruthaíonn na Conarthaí atá ann cheana féin chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach.
Athbhreithniú meántéarmach ar an Straitéis Eoraip 2020
Phléigh an Chomhairle an treochlár don athbhreithniú meántéarmach ar straitéis fáis Eoraip 2020. Leagtar síos sa treochlár an bealach chun cinn faoi Uachtaránacht na hIodáile chun ullmhú don athbhreithniú ar an straitéis in 2015.
Conclúidí ón gComhairle Eorpach a chur chun feidhme
Phléigh na hairí an obair leantach a dhéanfar maidir le cur chun feidhme thosaíochtaí an chláir oibre straitéisigh ar thángthas ar chomhaontú ina leith ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh.
Ghlac an Chomhairle na gníomhartha reachtacha agus na cinntí a leanas gan iad a phlé:
- rialachán le bainistiú a dhéanamh ar an bhfreagracht airgeadais a bhaineann le himeachtaí chun díospóidí idir infheisteoirí agus stát a réiteach
- treoir atá dírithe ar rochtain ar sheirbhísí bunúsacha íocaíochta a áirithiú agus ar fheabhas a chur ar an bhfaisnéis maidir leis na táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta
- treoir maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIanna), lena dtugtar isteach forálacha sonracha maidir le dualgais na taisclainne i ndáil le cumhdach agus maoirseacht
- rialachán atá dírithe ar fheabhas a chur ar shábháilteacht sa chóras socraíochta urrúis agus ar an margadh a oscailt do sheirbhísí taisclann lárnach urrús (CSDanna)
- seasamh na Comhairle maidir le dréacht-treoir lena dtugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit lena chinneadh an mian leo orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) a shaothrú
- rialachán maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do shainaithint leictreonach
- rialachán maidir le maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí le truailliú farraige a chomhrac
- treoir ina bhfuil rialacha mionsonraithe maidir le trealamh muirí ar bord longa de chuid an Aontais
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025