Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 21/10/2014, 21 Deireadh Fómhair 2014

Tá an Chomhairle Eorpach chun díriú ar an gcreat beartais don aeráid agus don fhuinneamh do 2030

Ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta den 21 Deireadh Fómhair i Lucsamburg chuathas i mbun na n-ullmhúchán don Chomhairle Eorpach atá ag teacht a bheidh dírithe ar aeráid agus fuinneamh, staid an gheilleagair Eorpaigh, agus ar cheisteanna beartais eachtraigh.

Ullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Phléigh na hairí na hullmhúcháin don chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach, a bheidh ar siúl an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair. Beidh sé seo ar an gcruinniú deireanach den Chomhairle Eorpach a mbeidh Herman Van Rompuy sa chathaoir ann agus roimh do Donald Tusk, an t-uachtarán nuathofa teacht i gcomharbacht air.
 
Is é is príomhchuspóir den Chomhairle Eorpach teacht ar chomhaontú maidir le creat beartais nua don aeráid agus don fhuinneamh do 2030. Tabharfar aghaidh leis an mbeartas ar spriocanna astaíochtaí gás ceaptha teasa, staid an Chórais Trádála Astaíochtaí, ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar an tslándáil fuinnimh.
 
Pléifidh na ceannairí staid an gheilleagair Eorpaigh freisin, bunaithe ar chur i láthair ón gCoimisiún Eorpach.
 
Is dóchúil go bpléifear ceisteanna a bhfuil gné idirnáisiúnta leo, amhail an ghéarchéim maidir le Ebola, an staid san Úcráin agus sa Mheán-Oirthear freisin

Conclúidí na Comhairle Eorpaí a chur chun feidhme

Ar bhonn na tuarascála a d'ullmhaigh Uachtaránacht na hIodáile, scrúdaigh airí AE conas dlús a chur le cur chun feidhme na dtosaíochtaí a comhaontaíodh ag Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh.
 
Roinn airí AE tuairimí maidir leis an tosaíocht sa chlár straitéiseach atá dírithe ar an tsaoirse, ar an tslándáil agus ar an gceartas. Tugadh aird faoi leith ar shaincheist na dtrodairí eachtracha agus ar shaincheist taifid ainmneacha phaisinéirí AE.

Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil idirinstitiúideach a neartú

Oibreoidh an Uachtaránacht i dteannta an Choimisiúin agus na Parlaiminte Eorpaí ar Chlár Oibre Bliantúil 2015 chun clársceidealú ilbhliantúil idirinstitiúideach éifeachtúil a chur ar bun.
 
"Is tosaíocht eile atá ag uachtaránacht na hIodáile í sin, a mbeidh éifeacht an-nithiúil ag gabháil léi. Leis an tosaíocht sin, beidh sé níos fusa ag an Aontas gníomh a dhéanamh agus freagairt a thabhairt", a dúirt an Státrúnaí Sandro Gozi tar éis an chruinnithe.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025