- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 24/05/2016, 24 Bealtaine 2016
Na príomhthorthaí
An smacht reachta
Thionóil an Chomhairle an dara hidirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta inar díríodh ar na dúshláin a thuismíonn sreafaí na n-imirceach atá ann faoi láthair maidir le luachanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chosaint. Rinne na hAirí, in éineacht leis an Stiúrthóir ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Michael O’Flaherty, plé ar a bhféadfadh na Ballstáit a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramaítear cearta bunúsacha agus dídeanaithe á lánpháirtiú. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go n-urramófaí luachanna bunúsacha an Aontais agus dídeanaithe á nglacadh, agus mheabhraigh siad go gcaithfidh na dídeanaithe na luachanna sin a urramú chomh maith.
Ní le haon Bhallstát amháin an tsuáilce ná an duáilce agus éilíonn an smacht reachta iarrachtaí leanúnacha agus féinmhachnamh.” Bert Koenders, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
Nocht na hAirí freisin na dúshláin agus na cleachtais is fearr atá ann maidir le cuidiú leis na dídeanaithe a lánpháirtiú go tapa. “Ceann de luachanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh is ea an smacht reachta agus is cuid lárnach den chomhar Eorpach é. Ní amháin gur luach intreach é, ach tá sé ríthábhachtach freisin maidir le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh trí fheabhas a chur ar an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus laistigh díobh. Is cinnte go gcuireann sreafaí móra na n-imirceach promhadh ar na luachanna sin. Ach ní fhéadfaimid dúshlán na himirce a shárú agus na dídeanaithe a lánpháirtiú inár sochaithe ach amháin trí na luachanna sin a urramú muid féin agus trína áirithiú go ndéanfaidh na daoine sin a thagann chugainn iad a urramú chomh maith. Ní le haon Bhallstát amháin an tsuáilce ná an duáilce agus éilíonn an smacht reachta iarrachtaí leanúnacha agus féinmhachnamh”, a dúirt Bert Koenders, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle.
Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh
Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán do chruinniú na Comhairle Eorpaí a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh trí dhréachtchlár oibre anótáilte a phlé. Ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 28 agus 29 Meitheamh 2016, fillfidh ceannairí an Aontais ar staid na himirce, déanfaidh siad an chéad mheasúnú ar an tionchar atá ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, formhuineoidh siad clár oibre le haghaidh an mhargaidh aonair, breithneoidh siad an ghníomhaíocht atá ar bun i láthair na huaire chun calaois chánach agus imghabháil cánach a sheachaint, pléifidh siad an comhar idir an tAontas agus ECAT agus tabharfaidh siad ar aire an toradh a bhí ar an reifreann sa Ríocht Aontaithe.
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025