- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 24/06/2016, 24 Meitheamh 2016
Na príomhthorthaí
Ní thig linn leanúint ar aghaidh le 'gnó mar is gnách' agus ní mór dúinn féachaint ar na nithe is cúis imní do shaoránaigh, amhail poist, slándáil agus imirce” Bert Koenders, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
Reifreann na Ríochta Aontaithe
Bhí malartú tuairimí sa Chomhairle maidir le toradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe mar chuid dá hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh. “Is oth linn cinneadh na Ríochta Aontaithe ach géillimid dó. Ag an am céanna, ní mór don Aontas Eorpach an fód a sheasamh. Tá sláine an Aontais Eorpaigh agus ár ndlúthpháirtíocht tábhachtach. Ní thig linn leanúint ar aghaidh le 'gnó mar is gnách' agus caithfimid féachaint ar na nithe is cúis imní do shaoránaigh, amhail poist, slándáil agus imirce” a dúirt Bert Koenders, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle.
An Chomhairle Eorpach
Chuir an Chomhairle bailchríoch freisin ar na hullmhúcháin do na míreanna eile ar chlár oibre na Comhairle Eorpaí trí scrúdú a dhéanamh ar dhréachtchonclúidí. Ag an gcruinniú sin ar an 28 agus 29 Meitheamh, fillfidh na ceannairí AE ar cheist na himirce, ag díriú ar ghnéithe seachtracha agus ar an gcreat nua comhpháirtíochta le tíortha tionscnaimh agus idirthurais. Pléifidh siad conas dlús nua polaitiúil a spreagadh sa mhargadh aonair agus, chomh maith leis sin, déanfaidh siad machnamh ar na chéad torthaí ón gCiste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha agus ar ghníomhaíocht leantach i gcoinne calaois chánach agus imghabháil cánach. Meastar freisin go mbeidh cur i láthair ann do cheannairí maidir le Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an mBeartas Eachtrach agus Slándála agus go bpléifidh siad comhar idir an tAontas agus ECAT.
Tosaíochtaí reachtacha an Aontais Eorpaigh do 2017 agus trédhearcacht
Sheol na hairí an timthriall bliantúil clársceidealaithe reachtaigh trí thuairimí a mhalartú maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais Eorpaigh do 2017. Tabharfaidh sé seo ionchur do chlár oibre an Choimisiúin don bhliain seo chugainn. Mar chuid den chomhaontú nua maidir le reachtóireacht níos fearr, téann an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa sula nglacann sé an clár oibre bliantúil agus cuireann sé a dtuairimí san áireamh. Phléigh na hAirí freisin an dul chun cinn i ndáil le feabhas a chur ar thrédhearcacht obair reachtach an Aontais Eorpaigh, mar shampla trí bhunachar sonraí maidir le staid na gcomhad reachtach.
An Seimeastar Eorpach
D’fhormheas na hairí na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha áirithe agus cuireadh ar aghaidh iad chuig an gComhairle Eorpach lena bhformheas. “Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit na moltaí tírshonracha a chur chun feidhme go hiomlán. Tá ról tábhachtach ag riaracháin phoiblí ar ardchaighdeán freisin sa phróiseas sin, atá dírithe go háirithe ar an bhfás cuimsitheach agus ar an tsláine phoiblí. Ba cheart don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta leanúint de phlé a dhéanamh ar chaighdeán na riarachán poiblí mar shaincheist thrasghearrthach d’fhonn rialachas níos fearr a bhaint amach san Aontas Eorpach agus ina chuid Ballstát ", a dúirt Bert Koenders.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár oibre táscach - an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 24/06/2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 24 Meitheamh 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Ghnóthaí Ginearálta, 24 Meitheamh 2016
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 24 Meitheamh 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 24 Meitheamh 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025