Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 18/10/2016, 18 Deireadh Fómhair 2016

Na príomhthorthaí

Athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

Lean an Chomhairle lena cuid oibre maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar chreat buiséadach ilbhliantúil AE do 2014-2020. Phléigh na hairí na huirlisí a mhol an Coimisiún agus rinne siad machnamh faoin gcothromaíocht cheart idir intuarthacht agus solúbthacht sa chreat buiséadach. Mhalartaigh siad tuairimí freisin faoina bhfuil stuamacht bhuiséadach comhoiriúnach le réitigh nua chun freastal ar riachtanais nua. Tiocfaidh an Chomhairle ar ais chuig an gcomhad seo i mí na Samhna.

“Níl aon roghanna éasca ann agus muid ag caint faoi airgead. Chuala mé roinnt teachtaireachtaí tábhachtacha polaitiúla ó na hairí lenár gcuid oibre teicniúla a stiúradh tuilleadh. Déanfaimid ár seacht ndícheall teacht ar chomhaontú maidir leis an gcomhad casta, dúshlánach seo faoi dheireadh na bliana.”

Miroslav Lajčák, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Chuir an Chomhairle bailchríoch ar na hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair trí scrúdú a dhéanamh ar dhréachtchonclúidí. Ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 20-21 Deireadh Fómhair, díreoidh ceannairí AE ar thrí ábhar: imirce, cúrsaí trádála agus an Rúis. Maidir leis an imirce, tabharfaidh an Chomhairle Eorpach dá haire na bearta a rinneadh le sreabha imirce trasna bhealach na Meánmhara Láir a laghdú chomh maith le cur chun feidhme ráiteas AE-na Tuirce chun tacú le tíortha feadh bhealach na na mBalcán Thiar. Maidir le cúrsaí trádála, pléifidh ceannairí AE an bealach ina bhféadfaí a chinntiú go mbainfidh beartas trádála AE tairbhe as margaí oscailte agus go dtabharfar aghaidh ar ábhair imní na saoránach leis ag an am céanna. Maidir leis an Rúis, beidh plé cuimsitheach ag an gComhairle Eorpach i ndáil le caidreamh an Aontais Eorpaigh leis an tír sin.

“Tuairisceoidh Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice, faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis na gealltanais a thugamar ag an gcruinniú mullaigh sa Bhratasláiv. Mar shampla, chomhlíon AE an gealltanas a thug sé maidir le cúnamh a thabhairt don Bhulgáir i ndáil leis an imirce agus i ndáil le Comhaontú Pháras maidir leis an aeráid. Ba cheart dúinn leas a bhaint as na samplaí sin mar bhealaí breise chun cur le muinín ár saoránach san Aontas Eorpach.”

Miroslav Lajčák, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Comhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr

Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe idirinstitiúidigh maidir le reachtóireacht níos fearr. I gcomhréir leis an gcomhaontú sin, tiocfaidh an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir leis na príomhthosaíochtaí comhchoiteanna roimh dheireadh na bliana seo. Cuirfear ar a gcumas, leis sin, obair as lámha a chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá os ár gcomhair.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025