- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta maidir le comhtháthú, 12/4/2018, 12 Aibreán 2018
Na príomhthorthaí
A bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe
Phléigh an Chomhairle a bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe i ndiaidh 2020.
Dhírigh na hairí ar roinnt saincheisteanna lárnacha polaitiúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- Tosaíochtaí an bheartais comhtháthaithe sa chéad chlárthréimhse eile
- An cineál réigiúin atá le cumhdach, catagóirí na réigiún agus na rátaí cómhaoinithe
- Bealaí chun an beartas comhtháthaithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus a chur chun feidhme a luathú
Cuirfear an díospóireacht san áireamh san ullmhúchán atá á dhéanamh ag an gCoimisiún dá thograí i ndáil leis an bpacáiste reachtach le haghaidh an bheartais chomhtháthaithe ó 2020 ar aghaidh.
Is cuid lárnach é an díospóireacht ghinearálta faoina bhfuil i ndán don Eoraip den díospóireacht faoin mbeartas comhtháthaithe ó 2020 ar aghaidh. Is den ríthábhacht nasc a bhunú idir an dá rud – ní fhéadfaimid cinneadh a dhéanamh faoi cé mar is féidir an t-airgead i ndáil leis an gcomhtháthú a leithdháileadh gan na tosaíochtaí atá againn a leagan amach i dtús báire – gan smaoineamh faoin saghas Eorpa atá uainn i gceann deich mbliana, nó fiú an Eoraip a theastaíonn uainn dár gclann agus dá chlann ár gclainne. Tomislav Donchev, Leas-Phríomh-Aire na Bulgáire
Teachtaireacht maidir leis an mbeartas comhtháthaithe
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh le déanaí chun gur féidir cur leis an gcaoi a ndéantar gach a bhfuil bainte amach ag an mbeartas comhtháthaithe agus na tairbhí a ghabhann leis a chur in iúl.
Léirigh na Ballstáit anuraidh gur thacaigh siad le dlús a chur leis an gcumarsáid faoin mbeartas comhtháthaithe mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun gur níos gaire dá chéile a bheidh an tAontas agus na saoránaigh. Mhol an Coimisiún roinnt tionscnamh, a dhéanfaidh an Coimisiún go comhpháirteach leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, ionas go músclófar feasacht i ndáil leis na tairbhí atá sa bheartas comhtháthaithe do shaoránaigh. Áirítear orthu sin:
- Comhghuaillíocht um chomhtháthú a sheoladh mar thionscnamh de chuid an phobail chun tacú leis an mbeartas comhtháthaithe
- Taispeántais grianghraf chun aird a tharraingt ar a bhfuil bainte amach ag an mbeartas comhtháthaithe
- Díospóireachtaí ar a bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe amach anseo ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil
Tá dul chun cinn seasta á dhéanamh le cúpla mí anuas chun na tionscnaimh éagsúla sin a chur chun feidhme.
Cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe i ndiaidh 2020
Ghlac an Chomhairle conclúidí, gan aon phlé, maidir le cur i gcrích agus cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe ó 2020 ar aghaidh.
Iarrtar sna conclúidí sin go mbeadh rialacha níos simplí ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, freagracht níos mó ar na Ballstáit sa phróiseas cur chun feidhme, agus go ndéanfaí luath-ullmhúchán i dtaobh na gclár nua ionas gur féidir aistriú gan dua a áirithiú chuig an gcéad chlárthréimhse eile.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Aibreán 2018
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre táscach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Aibreán 2018
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12 Aibreán 2018
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Aibreán 2018
Preaseisiúintí
- Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh: Todhchaí na Ceolfhoirne ráthaithe ag an gComhairle
- 12/04/2018
- An tSeoirsia: Luach EUR 45 milliún de chúnamh airgeadais formheasta ag an gComhairle
- 12/04/2018
- Rialacha nuashonraithe maidir le hoiliúint tiománaithe leoraithe agus busanna glactha ag an gComhairle
- 12/04/2018
- Rialacha glactha ag an gComhairle maidir le beartseachadadh trasteorann chun borradh a chur faoin ríomhthráchtáil
- 12/04/2018
- An Iaráin: Síneadh bliana curtha ag an gComhairle le smachtbhannaí mar fhreagairt do shárú tromchúiseach ar chearta an duine
- 12/04/2018
- Cur i gcrích agus cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe i ndiaidh 2020: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 12/04/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025