Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 17/04/2018, 17 Aibreán 2018

Na príomhthorthaí

An smacht reachta sa Pholainn

Phléigh an Chomhairle scéal an smachta reachta sa Pholainn.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas is deireanaí maidir lena idirphlé le húdaráis na Polainne.

Fillfidh an Chomhairle ar an gceist seo ag an gcéad chruinniú eile dá cuid.

Dlí toghcháin an Aontais

Phléigh an Chomhairle leasuithe maidir le hAcht Toghcháin na bliana 1976 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna áirithe a bhaineann le toghcháin Pharlaimint na hEorpa.

Baineann an príomhathrú le tairseach oibleagáideach idir 2% agus 5% a thabhairt isteach i gcás na ndáilcheantar sin ina mbíonn níos mó ná 35 shuíochán i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Bheadh feidhm ag an riail sin maidir leis na Ballstáit aon-toghcheantair freisin.

Leanfaidh an Chomhairle dá dua féachaint le teacht ar chomhaontú maidir leis an gcomhad seo a luaithe is féidir.

Méadú

Chuir an Coimisiún an pacáiste nua uaidh maidir le méadú i láthair na n-airí.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025