- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 27/02/2018, 27 Feabhra 2018
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí an Mhárta
Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach ar an 22 agus ar an 23 Márta trí dhréachtchlár oibre anótáilte a phlé. Le linn an chruinnithe, díreofar ar bhearta chun fás a neartú, poist nua a chruthú agus an t-iomaíochas a fheabhsú.
Meastar go nglacfaidh an Chomhairle Eorpach conclúidí lena dtabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas:
- an dul chun cinn atá déanta chun an margaidh aonair, an Margadh Aonair Digiteach, Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Fuinnimh a fhorbairt tuilleadh
- an Seimeastar Eorpach in 2018
- saincheisteanna sóisialta, amhail cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar an togra atá le teacht ón gCoimisiún maidir le hÚdarás Eorpach um Shaothar
- an trádáil (b'fhéidir)
Glacfaidh sí conclúidí nós imeachta freisin maidir leis an gCruinniú Mullaigh a bheidh ann go luath idir an tAontas agus na Balcáin Thiar.
Mar chuid de Chlár Oibre na gCeannairí, beidh díospóireacht ag na ceannairí maidir le cánachas, go háirithe sa gheilleagar digiteach.
An smacht reachta sa Pholainn
Thíolaic an Coimisiún a thogra réasúnaithe faoi Airteagal 7(1) CAE i ndáil leis an smacht reachta sa Pholainn.
Beidh an cur i láthair mar chuid den chéad chéim den nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE. Ag an am céanna, tá idirphlé ar bun ag an gCoimisiún le húdaráis na Polainne agus chuir sé moltaí faoina mbráid go rachaidís i mbun gnímh faoin 20 Márta.
Is ag brath ar thoradh an idirphlé sin a bheidh na chéad chéimeanna eile sa nós imeachta. Fillfidh an Chomhairle ar an tsaincheist seo in am trátha.
Molaimid go leanfar leis an idirphlé idir an Coimisiún Eorpach agus an Pholainn. Ach toradh dearfach a bheith ann, chuideofaí leis an Aontas díriú ar an gclár oibre is gá dúinn a thabhairt chun cinn in 2018. Ekaterina Zaharieva, Leas-Phríomh-Aire na Bulgáire
An Gheobhlocáil
Ghlac an Chomhairle rialachán inniu chun aon gheobhlocáil sa mhargadh inmheánach, nach bhfuil údar léi, a thoirmeasc.
Is éard is geobhlocáil ann cleachtas idirdhealaitheach lena gcuirtear cosc ar chustaiméirí rochtain a fháil ar tháirgí nó ar sheirbhísí nó táirgí nó seirbhísí a cheannach ó shuíomh gréasáin atá bunaithe i mBallstát eile. Leis an dlí nua, déanfar bacainní ar r-thráchtáil a bhaint trí idirdhealú atá bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaíochta na gcustaiméirí a sheachaint.
Ar an ábhar deireadh a bheith curtha leis an ngeobhlocáil fágtar rogha níos leithne agus dá réir margaí níos fearr do thomhaltóirí agus deiseanna níos fearr do ghnólachtaí. Leagann uachtaránacht na Bulgáire an-bhéim ar an ngeilleagar digiteach. Is mian liom na hiar-uachtaránachtaí, an Pharlaimint agus an Coimisiún a mholadh sa dul chun cinn rathúil comhchoiteann atá déanta acu maidir leis an margadh aonair digiteach Eorpach. Lilyana Pavlova, Aire d'Uachtaránacht na Bulgáire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Córas trádála astaíochtaí an Aontais
D'fhormheas an Chomhairle an t-athchóiriú ar an gcóras trádála astaíochtaí don tréimhse tar éis 2020, gan aon phlé.
Leis an Treoir athbhreithnithe maidir leis an athchóiriú ar an gcóras trádála astaíochtaí déanann an tAontas dul chun cinn suntasach i dtreo a sprioc a bhaint amach astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40%, ar a laghad, faoi 2030, mar a comhaontaíodh faoi chreat aeráide agus fuinnimh 2030 de chuid an Aontais agus faoi Chomhaontú Pháras.
Beimid ag obair i ról na hUachtaránachta chun an tAontas a choinneáil ar thús cadhnaíochta sa chaibidlíocht d'fhonn rialacha cur chun feidhme Chomhaontú Pháras a thabhairt i gcrích. Ní hamháin go gcuideoidh an laghdú sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa leis an gcomhrac i gcoinne na hathraithe aeráide ach chomh maith leis sin cuirfidh sé feabhas ar cháilíocht an aeir. Tá caomhnú an chomhshaoil agus shláinte shaoránaigh na hEorpa ar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Bulgáire. Neno Dimov, Aire Comhshaoil agus Uisce na Bulgáire
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 27 Feabhra 2018
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 27 Feabhra 2018
- Clár Táscach - Cruinnithe na Comhairle Gnóthaí Ginearálta agus na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50), an Bhruiséil, 27 Feabhra 2018
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
- An Gheobhlocáil: Rialachán glactha ag an gComhairle maidir le bacainní ar r-thráchtáil a bhaint
- 27/02/2018
- BEI: EUR 3.7 billiún breise formheasta ag an gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna imirce
- 27/02/2018
- Athchóiriú ar chóras trádála astaíochta an Aontais: Rialacha nua formheasta ag an gComhairle don tréimhse 2021 go 2030
- 27/02/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025