- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20/03/2018, 20 Márta 2018
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach an Earraigh
Chuir an Chomhairle bailchríoch ar na hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta trí dhréachtchonclúidí a phlé.
Díreoidh an Chomhairle Eorpach ar an méid a leanas:
- poist, fás agus iomaíochas: Glacfaidh ceannairí an Aontais conclúidí maidir leis an margadh aonair, Seimeastar Eorpach 2018 agus saincheisteanna sóisialta, go háirithe cur chun feidhme cholún Eorpach na gceart sóisialta agus na dtionscnamh a chuir an Coimisiún i láthair faoin bpacáiste Cothromaíochta Sóisialta
- trádáil: tabharfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar an staid mar atá ó thaobh saincheisteanna trádála de
- an caidreamh seachtrach: i bhfianaise na straitéise ón gCoimisiún maidir leis na Balcáin Thiar, glacfaidh an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis na Balcáin Thiar roimh chruinniú mullaigh mhí Bealtaine i Sóifia; meastar go bpléifidh na ceannairí an méid a tharla le déanaí sa chaidreamh leis an Tuirc, chomh maith leis an ionsaí a rinneadh ar Sergei agus ar Yulia Skripal sa Ríocht Aontaithe le gairid
- cánachas: faoi chlár oibre na gceannairí, beidh díospóireacht ag ceannairí an Aontais maidir le cánachas, go háirithe sa gheilleagar digiteach
An Seimeastar Eorpach
Scrúdaigh an Chomhairle tuarascáil ón uachtaránacht ina ndéantar achoimre ar an rannchuidiú ó fhoirmíochtaí na Comhairle maidir le pacáiste “Seimeastar Eorpach 2018”. Neartaítear an geilleagar Eorpach i gcónaí de réir mar a leantar leis an aistriú ó théarnamh eacnamaíoch go leathnú. Mar sin féin, tá gá i gcónaí le tuilleadh gníomhaíochta le poist a chruthú agus le fás inbhuanaithe fadtéarmach a bhaint amach.
Bhí an Chomhairle ar aon fhocal freisin maidir le dréachtmholadh a chur chuig an gComhairle Eorpach ina n-iarrfar ar Bhallstáit an limistéir euro beartais a shaothrú ina ndírítear ar bhorradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch in 2018-2019.
An smacht reachta
Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoin idirphlé atá ar bun aige le húdaráis na Polainne maidir leis an smacht reachta sa Pholainn.
Cúirt iltaobhach infheistíochta
Ghlac an Chomhairle, gan phlé, na treoracha caibidlíochta lena n-údaraítear don Choimisiún coinbhinsiún a chaibidliú, thar ceann an Aontais, lena mbunófar cúirt iltaobhach chun díospóidí infheistíochta a réiteach. Chinn an Chomhairle freisin na treoracha caibidlíochta sin a chur ar fáil don phobal.
Dáta do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2019
Chinn an Chomhairle, gan é a phlé, dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an 23-26 Bealtaine a shocrú mar dhátaí do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2019.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár oibre táscach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Márta 2018
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Márta 2018
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Márta 2018
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Márta 2018
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Cúirt iltaobhach infheistíochta: Sainordú tugtha ag an gComhairle don Choimisiún chun tús a chur leis an gcaibidlíocht
- 20/03/2018
- Comhaontú árachais idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá tugtha i gcrích
- 20/03/2018
- Tá dáta socraithe ag an gComhairle do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019
- 20/03/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025