- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 26/06/2018, 26 Meitheamh 2018
Na príomhthorthaí
Méadú
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le beartas méadaithe an Aontais agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais freisin.
Athdhearbhaítear sna Conclúidí tiomantas an Aontais do phróiseas an mhéadaithe agus do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar.
Thoiligh an Chomhairle freagra dearfach a thabhairt i leith an dul chun cinn atá déanta ag Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine agus ag an Albáin, agus leag sí amach treochlár chun tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an dá thír sin i mí an Mheithimh 2019.
Lá mór é an lá seo don Albáin agus do Phoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, agus do na Balcáin Thiar trí chéile. Tá ligthe i bhfios gan acht gan amhras ag na Ballstáit go ndéanann an dua ar son an athchóirithe, cothú an athmhuintearais, an dea-chaidreamh i measc na gcomharsana, agus an plé polaitiúil tráth a mbítear ag iarraidh saincheisteanna – ar fada ag dó na geirbe iad – a réiteach, go dtugann an méid sin ar fad a thoradh féin uaidh ar deireadh. Bíonn a sochar féin le fáil ag gach tír as an méid sin, agus is móide a luach chun na tíortha sin a thabhairt chun neasachta leis an Aontas. Is éacht le háireamh an méid sin agus sinn ag teannadh le hinn na hUachtaránachta seo óir bhí gné Eorpach sin na mBalcán Thiar ar mhórthosaíocht dár gcuid. Ekaterina Zaharieva, an Leas-Phríomh-Aire don Athchóiriú Breithiúnach agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Bulgáire
Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh
Chuir an Chomhairle bailchríoch ar an ullmhúchán don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 28 Meitheamh 2018 trí dhréachtchonclúidí a phlé.
Ag an gcruinniú sin, tá sé beartaithe ag na ceannairí:
- beartas imirce agus trádála an Aontais a phlé
- aghaidh a thabhairt ar thacar saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí slándála agus cosanta
- conclúidí a ghlacadh maidir le cúrsaí cánachais, nuálaíochta, agus digiteacha
- cinneadh a dhéanamh maidir le cé mar a láimhseálfar feasta an creat airgeadais ilbhliantúil, lena n-áirítear amlíne don chreat
- aghaidh a thabhairt ar na cora is déanaí i gcúrsaí beartais eachtraí
- moltaí comhtháite tír-shonracha a fhormheas mar chuid den Seimeastar Eorpach
- cinneadh a ghlacadh maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
An smacht reachta sa Pholainn
Ghairm an Chomhairle éisteacht, faoi Airteagal 7(1) CAE, maidir leis an smacht reachta sa Pholainn.
Le linn na héisteachta sin, tugadh deis do na hairí dianmhalartú tuairimí a dhéanamh leis an bPolainn faoi na húdair imní a sainaithníodh sa togra réasúnaithe ón gCoimisiún.
An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
Le linn lóin, phléigh na hairí na moltaí ón gCoimisiún faoi chreat airgeadais ilbhliantúil na tréimhse 2021-2027 leis an gCoimisinéir Oettinger.
An tsábháilteacht eitlíochta
Ghlac an Chomhairle, gan phlé, rialacha nuashonraithe don tsábháilteacht eitlíochta, lena n-áirítear sainordú athbhreithnithe do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, mar aon leis na chéad rialacha de chuid an Aontais do ladrainn shibhialta.
De bharr na rialacha sin, áiritheofar go mbeidh cúrsaí eitlíochta sábháilte anois agus feasta fiú agus na spéartha ag éirí níos gnóthaí agus níos gnóthaí. Ivaylo Moskovski, Aire Iompair, Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide na Bulgáire
Tionscnamh Eorpach na Saoránach
Thoiligh an Chomhairle, gan phlé, an seasamh caibidlíochta aici maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Thionscnamh Eorpach na Saoránach. Is é is aidhm do na rialacha nua gur fusaide tionscnaimh a sheoladh, gur fusaide tacú leo, agus gur móide a dtionchar.
Ní mór an deis a bheith ag na saoránaigh aird a tharraingt ar a mbíonn le rá acu agus uídh lucht cinnteoireachta an Aontais a dhíriú ar an méid is cás leo. Tugann Tionscnamh Eorpach na Saoránach an deis do chách a gcor féin a chur sa scéal. Is é tiomantas na mBallstát a áirithiú gur furasta an uirlis thábhachtach seo a úsáid agus go mbeidh sí éifeachtach. Ekaterina Zaharieva, an Leas-Phríomh-Aire don Athchóiriú Breithiúnach agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Bulgáire
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Conclúidí ón gComhairle maidir le méadú agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais
- 26/06/2018
- An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia: comhaltaí nua ceaptha
- 26/06/2018
- An tslándáil mhuirí: Athbhreithniú déanta ag an Aontas ar a phlean gníomhaíochta
- 26/06/2018
- Council authorises opening of negotiations with WTO members on Brexit-related adjustments
- 26/06/2018
- Sábháilteacht eitlíochta agus úsáid shábháilte ladrann a áirithiú: Athchóiriú ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) formheasta ag an gComhairle
- 26/06/2018
- Encouraging participation: Council ready to launch talks on a revised European Citizens' Initiative
- 26/06/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025