Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18/09/2018, 18 Meán Fómhair 2018

Na príomhthorthaí

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021 go 2027.

Leag na hairí amach a gcuid tosaíochtaí idirbheartaíochta mar aon lena gcuid tuairimí i dtaobh:

  • mar a léirítear tosaíochtaí beartais an Aontais, agus an breisluach Eorpach, sa togra le haghaidh an CAI
  • a bhfuil beartaithe i dtaca le leithdháileadh cistí ar réimsí éagsúla beartais
Is deis é CAI an Aontais le roghanna straitéiseacha a dhéanamh don am atá le teacht. Is chuige seo é: buiséad agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a thabhairt ar comhréim le chéile, agus breisluach a bhaint as caiteachas an Aontais. Dá réir sin, beidh díospóireacht an lae inniu, inar díríodh ar na saincheisteanna bunúsacha thuas, ina cuidiú le bunchloch a leagan faoin bplé a dhéanfaimid amach anseo. Tá sé beartaithe ag Uachtaránacht na hOstaire luí isteach go mór ar an obair, ar an gciseal teicniúil agus polaitiúil, ionas gur gairide agus gur fusaide, a mhéid is féidir, do na Ballstáit teacht ar chomhaontú amach anseo. Gernot Blümel, Aire Cónaidhme na hOstaire don Aontas Eorpach, na hEalaíona, an Cultúr agus na Meáin

Clársceidealú reachtach

D'aithle aitheasc an Uachtaráin Juncker ar Staid an Aontais, phléigh an Chomhairle tosaíochtaí an Choimisiúin agus a bhfuil le cur ar chlár oibre na bliana 2019. Tabharfaidh a mbeidh le rá ag na hairí cúnamh don Choimisiún bailchríoch a chur ar an gclár oibre úd.

Ó tharla deireadh ag teacht le téarma reachtach Pharlaimint na hEorpa in 2019, thug an Chomhairle dá haire freisin mar atá faoi láthair i dtaca lena bhfuil fós de thograí reachtacha ar feitheamh.

Is gearr uainn toghcháin Pharlaimint na hEorpa; is de thiomantas na hUachtaránachta dul chun cinn a dhéanamh agus oiread is féidir de na comhaid sin a thabhairt chun críche. Dá réir sin, anuas ar an bplé a dhéanann siad gach bliain ar thosaíochtaí na bliana dár gcionn, scrúdaigh na hairí an staid reatha i dtaca lena bhfuil fós le déanamh i dtaobh na gcomhad sin. Gernot Blümel, Aire Cónaidhme na hOstaire don Aontas Eorpach, na hEalaíona, an Cultúr agus na Meáin

Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Chuir na hairí tús leis an ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair trí dhréachtchlár oibre anótáilte a scrúdú.

Mar seo a leanas atá beartaithe ag ceannairí an Aontais don chruinniú a bheidh acu ar an 18 Deireadh Fómhair:

  • ceist na himirce a phlé arís; tuarascáil a thabhairt ar an dul chun cinn, mar a comhaontaíodh sna conclúidí ag Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh
  • conclúidí a ghlacadh maidir leis an tslándáil inmheánach, i bhfianaise dhíospóireacht théamach na gceannairí in Salzburg
  • aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, i bhfianaise na staide reatha

An smacht reachta sa Pholainn

Ghairm an Chomhairle éisteacht, faoi Airteagal 7(1) CAE, maidir leis an smacht reachta sa Pholainn.

B'ionann módúlachtaí don seisiún sin agus don seisiún a bhí ar siúl mar chuid den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar an 26 Meitheamh 2018.

Lean na hairí dá ndianphlé leis an bPolainn maidir leis na hábhair imní a sainaithníodh sa togra réasúnaithe ón gCoimisiún.

Pléifidh an Chomhairle an tsaincheist sin arís.

Clár na hUachtaránachta

Chuir an Ostair i láthair na tosaíochtaí a bheidh aici i gcaitheamh a hUachtaránachta, a mhairfidh go dtí 31 Nollaig 2018.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025