Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50), 20/07/2018, 20 Iúil 2018

Na príomhthorthaí

Chuir Príomh-Idirbheartaí an Aontais, Michel Barnier, an Chomhairle, i bhformáid AE27, ar an eolas faoi staid imeartha na caibidlíochta faoi Brexit. Chuir an príomh-idirbheartaí na hairí ar an eolas maidir le dul chun cinn na caibidlíochta ó thaobh an mhéid a leanas:

  • an obair chun críoch a chur leis an gcomhaontú um tharraingt siar, lena n-áirítear réiteach an chúlstop don teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann
  • an plé faoin gcaidreamh a bheidh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe amach anseo.
Ní bheidh comhaontú um tharraingt siar againn ach amháin má táthar ar aon fhocal faoi gach gné den téacs dlíthiúil. Áirítear leis sin an cúlstop do Thuaisceart Éireann. Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú gur gá na gealltanais uile a tugadh go nuige seo a chomhlíonadh ina n-iomláine. Is gá an comhaontú um tharraingt siar a thabhairt chun críche a luaithe is féidir. Ní mór géarú ar an luas freisin i dtaca le dearbhú polaitiúil a ullmhú faoin gcreat don chaidreamh amach anseo. Ina theannta sin, ní mór dúinn dlús a chur lenár gcuid oibre i dtaca le hullmhacht don chás nach bhféadfaí teacht ar chomhaontú ar bith. Is den ríthábhacht i gcónaí é go mbeadh AE27 aontaithe. Gernot Blümel, aire de chuid rialtas na hOstaire agus cathaoirleach an chruinnithe

Maidir leis an gcaidreamh amach anseo, phléigh an Chomhairle an gcaoi a bhféadfaí an páipéar bán a d'fhoilsigh rialtas na Ríochta Aontaithe ar an 12 Iúil a chur san áireamh sa phlé. I bhfianaise na bprionsabal atá leagtha amach ag an gComhairle Eorpach, féachfaidh an t-idirbheartaí le teacht ar chomhthuiscint idir seasamh an Aontais agus seasamh na Ríochta Aontaithe don chreat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo. Is é an aidhm go bhféadfaí a bheith ar aon fhocal maidir le dearbhú polaitiúil a bheidh ag gabháil leis an gcomhaontú um tharraingt siar agus a mbeidh tagairt dó ann. Tabharfaidh idirbheartaí an Aontais tuairisc i ndáil leis an gceist seo don chéad chruinniú eile den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50) i mí Mheán Fómhair 2018.

Thíolaic an príomh-idirbheartaí do na hairí freisin an teachtaireacht a d’eisigh an Coimisiún le déanaí maidir le hullmhacht. D’athdhearbhaigh na hairí gur gá géarú ar luas na hoibre i ndáil le hullmhacht ar gach leibhéal le go mbeidh AE27 réidh do thoradh ar bith a d’fhéadfadh teacht.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024